Acaicia

géineas plandaí

Grúpa crann is tor, dúchasach don Astráil is réigiúin thrópaiceacha eile is ea Acacia (Gaeilge: acaicia[1]). Caol an t-ainm atá orthu san Astráil. Tá siad pischineálach, sa tslí is go dtógann siad nítrigin go díreach ón aer. Bíonn na duilleoga roinnte san iliomad duilleoigíní bídeacha, nó i ngnéithe ar leith, laghdaithe ina ngais duilleoige leacaithe, cosúil le duilleog-lanna. Bíonn na bláthanna buí den chuid is mó, beag líonmhar i gcrobhaingí cruinne nó caitínchruthacha. Saothraítear go leor gnéithe i gcomhair scátha, maisithe nó daingniú na hithreach gainmhí. Bíonn an duilliúr in úsáid mar fhoráiste. Tá go leor freisin a dhéanann adhmad an-chrua trádálach. Úsáidtear an choirt is na cochaill sa tsúdaireacht. Tálann cuid acu guma arabach. Saothraítear an t-acaicia gormdhuilleogach is an t-acaicia airgeadach, crainn bheaga, mar go dtáirgeann siad bláthanna don mhargadh.[2]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoAcaicia
Acacia Cuir in eagar ar Wikidata

Acacia dealbata Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo deadhmad acaicia Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdFabales
FineFabaceae
FofhineMimosoideae
GéineasAcacia Cuir in eagar ar Wikidata
Mill., 1754
Cineál tacsanomaíochAcacia penninervis Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar

  1. “Acacia” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Hussey, Matt (2011). "Acaicia". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 8.