Achainí um Chearta (1628)


Ar an 7 Meitheamh 1628, thug Séarlas I a aontú d'Achainí um Chearta.[1][2] Is céim bhunúsach an Achainí i bhforbairt smaointe Sasanacha agus Meiriceánacha, maidir leis an tsaoirse bhunreachtúil agus an rialtas bunreachtúil. Leag an Pharlaimint teorainneacha síos maidir le cumhachtaí an rí, mar shampla, tugadh isteach an prionsabal nár cheart na fórsaí armtha a imlonnú chun críocha na slándála baile ach i gcásanna eisceachtúla amach is amach.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAchainí um Chearta
Íomhá
CineálAcht de chuid Pharlaimint Shasana Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht1628 - 
ÚdarEdward Coke Cuir in eagar ar Wikidata

Téarmaí cuir in eagar

Den chuid is mó léirigh an Achainí an tuairim a bhí ag na Tiarnaí agus na Teachtaí go raibh na rudaí seo a leanas in éadan dhlí Shasana, gan cead na Parlaiminte:[3]

  • cánacha a ghearradh (iasachtaí éigeantacha don Choróin san áireamh),
  • príosúnacht nó bású nach dtarlaíonn de réir "phróis chuí an dlí",
  • an dlí míleata a chur i bhfeidhm do sibhialtaigh seachas in aimsir chogaidh agus
  • saighdiúirí agus mairnéalaigh a chur ar billéad go héigeantach.

Go dtí 1628, bhí "ceart diaga ríthe" nó ceart ó Dhia an crann taca a bhí ann. ach anois bhí an lámh in uachtar ag an gceart dlíthiúil.

Séarlas I, Nollaig 1627

Stair cuir in eagar

Cuireadh iallach ar an rí chun an Achainí a ghlacadh. Bhí Séarlas i mbroid airgid, agus ní raibh an dara rogha aige.

Bhí Edward Coke ceangailte go mór leis an ionsaí a rinneadh ar mhonaplachtaí ríoga, le hAchainí um Chearta agus agóidí eile in aghaidh an rí.

Sa 18ú haois, chuir An Ridire William Blackstone an Achainí isteach ar a liosta údarásach de bun-dhlíthe Shasana sna 1760idí.[4]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. ""Achainí um Chearta"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-06-07.
  2. nó "Achainí an Chirt"
  3. "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-06-07.
  4. "Fundamental Laws of England" (as en) (2019-12-22). Wikipedia.