Sa Rúraíocht i Miotaseolaíocht na nGael, iníon Cairpre Nia Fer, rí na Teamhrach agus a bhean chéile Fedelm Noíchrothach ba ea Achall. Tar éis bás a dhearthár Earc, mairithe ag Conall Cearnach, d'éag sí le crá croí ar cnoc in aice le Teamhair, a ainmníodh aisti ina cuimhne.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarAchall
Cineálcarachtar i miotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnebaineann Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
AthairCairpre Nia Fer Cuir in eagar ar Wikidata

Cnoc Achaill cuir in eagar

Deirtear gur tháinig Ard-Rí na hÉireann Túathal Techtmar i gcoróin tar éis dó an t-iar-Ard-Rí, Elim mac Conrach, a chloí i gcath ar chnoc Achaill.[2] De réir Tairired na nDéssi, bhíodh an t-Ard-Rí Cormac mac Airt ina chónaí ar an gcnoc tar éis dó súil a chailleadh, toisc níorbh chóir dó bheith i réim i Teamhair leis a leithéid de locht.[3] Is é An Scrín ainm na háite anois.[4]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Edward Gwynn (eag. & aistr.), "Achall", The Metrical Dindshenchas Iml. 1, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1903
  2. R. A. Stewart MacAlister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, lch. 307-311
  3. Vernam Hull, "Expulsion of the Déssi", Zeitschrift für Celtische Philologie iml. 57, 1957
  4. An Scrín ar logainm.ie