Duine a thomhaiseann rioscaí agus táillí árachais is ea achtúire. Déanann sé scrúdú ar an tionchar atá ag rioscaí agus ag neamhchinnteachtaí ar chúrsaí airgid.[1] Úsáidtear mata casta chun samhail a dhéanamh ar rioscaí éagsúla.

WD Bosca Sonraí GairmAchtúire
Cineál fostaíochta
staitisteoir agus insurance expert (en) Aistrigh
Réimse oibre
eolaíocht achtúireach

Chun cáil a bhaint amach mar achtúire, caithfear ardchaighdeáin a bheith ag iarrthóirí sa mhata.[2] Bíonn ar daltaí 9 scrúdú croí-theicniúla (CT) a dhéanamh chomh maith le 3 scrúdú croí-feidhmiúcháin (CA "Core Applicational"), 2 scrúdú speisialtóir teicniúla (ST) ar a laghad agus scrúdú feidhmiúcháin speisialtóra (SA "Specialist Applications") amháin.[3] Bíonn siad ar siúl faoi dhó gach bliain, agus is í Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath suíomh na scrúduithe in Éirinn.

Cineál disciplín cuir in eagar

Bíonn achtúire ag obair in árachas (gach saghas), infheistíocht, airgeadas, pinsin agus blianacht. Tá poist le fáil d'achtúirí san oideachas freisin dá mbeidís cáilithe.

Sna disciplíní thuas, bíonn ar achtúirí déileáil le raon leathan ábhar ó ghnáthárachas (mar shampla don duine, teach nó carr) go árachas neamhghnách (mar shampla sceimhlitheoireacht nó tubaistí nádúrtha). Chomh maith leis sin, feictear achtúirí sna cúirteanna chun fianaise shaineolach a chur ós chóir na gcúirteanna.

 
Society of Actuaries

Staidéar achtúire in Éirinn cuir in eagar

Cé gur féidir na scrúdaithe achtúire a tógáil díreach, tá cúpla céim achtúire le fáil. Is féidir díolúine ó na scrúdaithe proifisiúnta a fháil ó na coláistí seo a leanas: Ollsco[3]il Chathair Bhaile Átha Cliath, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Is féidir díolúine a fháil ó na céad 8 ábhar 'CT', agus an ábhar CA1 agus tú ag staidéar i COBÁC, tá líon difriúil le fáil i ngach coláiste eile.

Tá iarchéim ar fáil ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath freisin áfach chun díolúine a fháil ó na hábhar CA1 agus CA3.[3]

Tíortha eile cuir in eagar

Tá neart cumann achtúire éagsúil timpeall an domhain. Is poist mór é seo ar fud na cruinne. Tá an "Society of Actuaries" sna Stáit Aontaithe,[4] an "Actuarial Society of India" san Índ, an "Actuarial Society of South Africa" san Aifric Theas, agus neart cinn eile. Tá an struchtúir cosúil leis an ceann in Éirinn nó sa Ríocht Aontaithe, ach ag an am céanna difriúil. Go forleathan, tá na scrúduithe bunaithe ar cinn anseo, agus sna Stáit Aontaithe.

Tá a thuilleadh eolais ar shuíomh Achtúire na tíre éagsúil.

Nasc cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Niall Ó Dónaill agus Pádraig Ua Maoileoin, eag.: “An Foclóir Beag: achtúire” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1991). Dáta rochtana: 2023-05-05.
  2. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2010-01-07. Dáta rochtana: 2009-12-22.
  3. 3.0 3.1 3.2 actuaries.org.uk. "The profession". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2010-01-06. Dáta rochtana: 2009-12-22.
  4. soa.org. "SOA". www.soa.org. Dáta rochtana: 2023-12-03.