Áirítear na hActinopterygii (uimhir iolra de Actinopterygius) sa rang ina bhfuil na héisc ga-eiteacha ar fáil.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoActinopterygii Cuir in eagar ar Wikidata

Epinephelus lanceolatus Cuir in eagar ar Wikidata
Taifead
Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
ForaicmeActinopterygii Cuir in eagar ar Wikidata
Cope, 1887
Ainmníocht
Ainm comhchiallach an tacsóin
Osteichthyes Cuir in eagar ar Wikidata

Tacaíonn spíone nó lepidotrichia, a bhíonn comhdhéanta de cnámh nó d'adharc, eiteacha na n-iasc seo, murab ionann is na heití fheolmhara liopacha atá mar chomhartha sóirt ag na héisc san aicm Sarcopterygii ag a mbíonn lepidotrichia freisin acu. Greamaíonn ga-eiteacha na n-actinopterygii do díreach leis na heilimintí cnámharlaigh neasacha nó bunaidh, na radúlacha, a seasann don nasc nó an ceangal idir na heití seo agus an cnámharlach inmheánach (na criosanna peilbheacha agus brollaigh).

Go huimhriúil, is iad na hactinopterygii an rang is mó i dtreis sna veirteabraigh, a chuimsíonn beagnach 99% de na níos mó ná 30,000 speiceas. Tá siad uileláithreach ar fud na dtimpeallachtaí mara agus fionnuisce, ón fharraige mhór dhomhain chun na sruthanna sléibhe is airde. Téann méide na speiceas a mharthain i raon ó Paedocypris, ag 8 mm, go dtí an tIasc Gréine ollmhór, ag 2,300 kg, agus an Rámhach fad-chollainneach, ar 11 m.

Saintréithe cuir in eagar

 
Anatamaíocht an éisc ghaeitigh tipiciúla A - eite an droma: B - ga-eiteachs: C - líne an taoibh: D - duán: E - bolg snámha: F - gaireas Weber: G - cluas inmheánach: H - inchinn: I - polláire: L - súil: M - geolbhachs: N - croí O - goile: P - máilín an domlais: Q - liathán: R - gnéasorgáin inmheánacha (ubhagáin nó uiríocha): S - tarreití: T - dromlach : U - eite anasach: V - eireaball (eite an eireabaill). Páirteanna féideartha eile nach dtaispeántar: barbail, eite saille, baill ghiniúna sheachtracha (gónapóidiam)

Bíonn éisc ga-eiteacha le fáil i bhfoirmeacha éagsúla go leor. Taispeántar sa léaráid, ar thaobh na láimhe clé, na gnéithe is mó den iasc ga-eiteach tipiciúil

Aicmiú cuir in eagar

Go traidisiúnta bhí na hactinopterygii roinnte i bhfo-aicmí 'Chondrostei' agus 'Neopterygii' . Bhí na Neopterygii, faoi seach, roinnte sna hinfrearanganna 'Holostei' agus 'Teleostei' . Tugann roinnt fianaise moirfeolaíocha le fios go bhfuil na Neopterygii paraifíliginiteach; mar sin féin, d'eagraigh obair le déanaí, bunaithe ar ord na dtacsón, an seicheamh éabhlóideach síos go dtí leibhéal an oird, bunaithe go príomha ar an stair fhada an staidéir moirfeolaíocha. Tá an t-aicmiú seo, mar aon le tacsanomaíocht ar bith eile, bunaithe ar taighde fíliginiteach,ata ag síorathrú. Céad-Láithreáin Siolúracha atá ar marthain