Carn d'fhíochán limfeach is iad na hadanóidí atá suite mar shraith filltí taobh thiar d'oscailt an fheadán éisteachta. Tugtar céislíní fairingeacha orthu freisin. Nuair a atann siad i bpáiste, is féidir go gcuirfear cosc nó páirtchosc ar an oscailt sa bhfeadán aireachtála is go líonfaidh siad an tsrónfharaing, rud a dhéanfaidh athshondas mínormálta san urlabhra.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síolanatamaíochta é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.