Is déantóir do bhróga reatha, éadaí agus táirgí spóirt iad Adidas. Ag tús an bhliain 2021 bhíodh siad mar an déantóir d’éadaí spóirt is mó san Eoraip, agus tá siad an dara déantóir is mó ar domhain (i ndiaidh Nike).[1] Tagann Reebok, Taylor Made agus Rockport faoi úinéireacht Adidas chomh maith.[2]

Bosca Sonraí EagraíochtaAdidas
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósAdolf Dassler Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Ainm gearradidas Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálgnó
cuideachta phoiblí
Local Internet registry (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlíAktiengesellschaft Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodhIúil 1924
Bunaitheoir(í)Adolf Dassler Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Táirgeéadaí spóirt, coisbheart, trealamh spóirt agus personal care product (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball deICC Germany (en) Aistrigh
Deutsches Aktieninstitut (en) Aistrigh
Federation of the European Sporting Goods Industry (en) Aistrigh
Deutsches Institut für Normung
ChemSec (en) Aistrigh
RIPE Network Coordination Centre (en) Aistrigh
BITKOM
Bündnis für Nachhaltige Textilien (2015–) Cuir in eagar ar Wikidata
Úsáideann sé/síThe Museum System (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Stocmhalartán(FWB ADS) - (OTC ADDYY) Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Príomhoifigeach feidhmiúcháinBjørn Gulden (2023–) Cuir in eagar ar Wikidata
Líon fostaithe60,617 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Fochomhlacht
Úinéir de
Cuid deCDAX
EURO STOXX 50 (en) Aistrigh
MDAX (1996–1998)
DAX (1998–)
DivDAX (en) Aistrigh (1999–2001)
DivDAX (en) Aistrigh (2015–2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Táscaire eacnamaíoch
Ioncam iomlán22,511 M€ (2022) Cuir in eagar ar Wikidata
Glanbhrabús612 M€ (2022) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinadidas-group.com Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: adidas Twitter: adidasUS Instagram: adidas Youtube: UCuLUOxd7ezJ8c6NSLBNRRfg TikTok: adidas GitHub: adidas Cuir in eagar ar Wikidata

Tá ceanncheathrú Adidas in Herzogenaurach sa Ghearmáin. Fostaítear breis agus 62,000 duine timpeall an domhain.[3] Sa bhliain 2020 bhíodh siad mar an tríú branda éadach is luachmhara ar domhain. Bhí luach do bhreis agus $14,500 milliúin ar an bhranda.[4] Tá Adidas déanta suas de chúpla fo-bhranda. I measc na branda sin tá Originals, Performance agus Sports Style.[5]

Stair cuir in eagar

 
Dealbh do Adi Dassler

Bunaíodh comhlacht bróga ag beirt deartháireacha, Adolf & Rudolf Dassler, i seomra níocháin a mháthair sna 1920aí i mbaile beag sa Ghearmáin. Is é Herzogenaurach an t-ainm don bhaile beag sin. Bhíodh na beirt deartháireacha mar comhpháirtithe gnó dícheallach i dtús báire. Mar a fheictear leis an rath a bhí acu sa bhliain 1936 nuair a chaith Jesse Owens a chuid bhróga ag na Cluichí Oilimpeacha i mBeirlín. Áfach thit na deartháireacha amach i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda. Bunaíodh Puma ag Rudolf Dassler agus bunaíodh Adidas ag Adolf (nó Adi mar a thugtar air) Dassler.[6] Ar an t-ochtú lá dhéag do mhí Lúnasa 1949 cláraigh Adi Dassler a chomhlacht nua. Thosaigh sé amach le 47 fostaithe agus d’fhás sé an comhlacht go dtí an comhlacht ilnáisiúnta domhanda atá cáiliúil sa lá atá inniu ann.[7]

D’fhás Adidas go leanúnach i gcaitheamh na 1950idí nuair a d’athraigh imreoirí sacair a dhílseacht chucu mar gheall ar bhróga an comhlacht. D’ofráil siad bróga peile a bhíodh níos éadroime agus go raibh tú in ann na cléata a bhaint ag brath ar an dtimpeallacht.[1]

Fuair Adolf (nó Adi) Dassler bás sa bhliain 1978. Cé go raibh socrú nuálach tacaíochta déanta acu leis an grúpa rap Run-D.M.C. thosaigh an sciar den mhargaidh go raibh acu ag laghdú i gcaitheamh na 1980aí.[1] Cheannaigh fear gnó ón Fhrainc, darbh ainm Bernard Tapie, Adidas sa bhliain 1989. Mheastar gur d’íoc sé $290 milliúin le haghaidh 80% don chomhlacht.[8] Níor éirigh le Tapie an comhlacht a shábháil. Dhíoladh é ansin go dtí infheisteoirí a thóg fear eile ón Fhrainc isteach in áit Tapie. Chuir na hinfheisteoirí Robert-Louis Dreyfus mar an Príomh Oifigeach Feidhmiúcháin (CEO) agus Cathaoirleach do Adidas. Tháinig Salomon Group faoi úinéireacht Adidas sa bhliain 1997. Cé go raibh cáil ar Salomon le haghaidh táirgí spóirt don Gheimhridh, ba leo an soláthróir gailf TaylorMade chomh maith. Bhog Adidas isteach i miondíoltóireacht ansin agus iad ag leanúint an rath go raibh ag Nike sa bhliain 2001.[1]

Dhíol Adidas an comhlacht TaylorMade i mí Bealtaine 2017 le haghaidh $427 milliúin. Laghdú ollmhór don phraghas do $1.4 billiúin a d’íoc siad i 1997 le haghaidh Salomon.[9]

Lean an achrann idir an dá comhlacht, do Adidas agus Puma, ar aghaidh go dtí an bhliain 2009. D’imir Puma agus Adidas cluiche siombalach sacair chun críoch a chur leis an agóid.[10]

Lógó cuir in eagar

 
Sean Lógó Adidas

Tá cáil ar Adidas mar an bhranda leis na trí stríoca. Níor thosaigh Adi Dassler ag baint úsáid as na trí stríoca go dtí an bhliain 1967 nuair a chuir sé iad ar bhróga reatha Adidas don chéad uair. Bhí an lógó cheana féin in úsáid ag comhlacht bróga darbh ainm Karhu Sports. Chun teacht ar réiteach d’íoc Adolf Dassler suim airgid le haghaidh an trádmharc a bheadh comhionann do €1,600 in airgid na laethanta seo, chomh maith le dhá bhuidéal d’uisce beatha.[11] Bunaíodh an lógó Adidas Triuf sa bhliain 1971. Áfach níor úsáideach é go dtí an bhliain ina dhiaidh, 1972. Tháinig an triuf chun cinn as breis agus 100 smaointe. is forghníomhú geoiméadrach é an lógó le trí crosbhealach air. Tá sé ceapadh éagsúlacht an bhranda do Adidas a cheiliúradh. Sa lá atá inniu ann úsáidtear an bhranda ar an réimse táirgí Adidas Originals.[12]

 
Lógó Nua Adidas

Sa bhliain 1997 thóg Adidas dearadh comhtháite corparáideach isteach ar an sean lógó a bhíodh acu. Bhí sé deartha sa bhliain 1990 ag Peter Moore a bhí mar Stiúrthóir Cruthaitheach sa chomhlacht ag an am. Tógann sé inspioráid ó na sean trí stríoca, ach tá sé déanta suas do thrí barraí ina ionad. Is léiriú do shliabh iad na trí bharraí, rud a léiríonn na dúshláin atá romhainn agus na cuspóirí atá fós le bhaint amach.[12]

Aithnítear an dá lógó mar shiombail corparáideach domhanda sna saolta seo.

Lúthchleasaithe Urraithe Adidas cuir in eagar

 
Lionel Messi

Baineann Adidas úsáid as tairiscint urraíocht le lúthchleasaithe chun a bhranda a chur chun cinn. Déanann comhlachtaí an urraíocht seo le haghaidh réimse leathan cúiseanna. Go príomhúil tugann sé poiblíocht don chomhlacht.[13] Baineann Adidas úsáid as tairiscint urraíocht le lúthchleasaithe chun a bhranda a chur chun cinn. Tugann Adidas urraíocht do lúthchleasaithe proifisiúnta i sacair, cispheil, daorchluiche, rugbaí, haca, gailf, leadóg, cruicéad agus peil Mheiriceánach. Is i sacair go bhfaightear na tairiscint urraíochta is luachmhara do na himreoirí. Mar shampla tá conradh dá shaol ar fad ag Lionel Messi le Adidas. Mheastar go bhfaigheann sé breis agus $12 milliúin in aghaidh na bliana ó Adidas.[14]

Táirgí cuir in eagar

Soláthraíonn Adidas táirgí agus trealamh le haghaidh nach mór gach spóirt ar domhain. Ní táirgí spóirt amháin go sholáthraíonn Adidas, tá réimse leathan do bhróga reatha agus éadaí faisean acu chomh maith. Tháirg siad 379 milliúin péire do bhróga sa bhliain 2020 agus bhí sé sin mar laghdú ar an bhfigiúir ón bhliain roimhe do 448 milliúin péire do bhróga. Arís sa bhliain 2020 tháirg Adidas 465 milliúin aonad do tháirgí éadaí, laghdú do 12% a bhí ann ón bhliain roimhe.[15][16]

Kanye West cuir in eagar

 
Amhránaí Kanye West

Dhear Kanye West bróg le haghaidh Adidas sa bhliain 2006. Áfach níor tógadh é go dtí an mhargadh. Ansin d’oibrigh Kanye West le Nike ar feadh tréimhse ach ní rabhadar sásta dleacht a íoc chuige. Sheas Adidas suas ag rá go rabhadar sásta na dleacht a íoc chuig an amhránaí. Ansin i mí Feabhra 2015 tháinig Adidas agus Kanye West amach leis an Yeezy séasúr 1. Chonaic an séasúr 1 sin an lainseáil don Yeezy Boost 350 agus an Yeezy Boost 750. Dhíoladh an dá ceann amach láithreach.[17] Ó 2015 i leith tá rath an comhoibriú idir Kanye agus Adidas le feiceáil leis an éileamh atá ar tháirgí Yeezy.

Feisteas Peile cuir in eagar

 
Geansaí Peile Adidas

Díríonn Adidas go mór ar fheisteas peile agus an trealamh a théann leis mar bhealach ioncam. Tá Adidas mar an comhlacht is lárnaí le haghaidh an soláthar do fheisteas peile i gcomhair foireann peile idirnáisiúnta chomh maith le clubanna peile. I láthair na huaire tá ceithre as cúig do na bearta is luachmhara le haghaidh an soláthar do fheisteas peile ag Adidas le clubanna peile éagsúla. I measc na clubanna sin tá ‘Manchester United’, ‘Bayern Munich’, ‘Chelsea’ agus ‘Real Madrid’. Ar an iomlán faigheann na ceithre clubanna sin €232.5 milliúin eatarthu in aghaidh na bliana ó Adidas. Chomh maith leis sin tá an beart is luachmhara acu le aon foireann peile idirnáisiúnta. Faigheann an Ghearmáin €50 milliúin in aghaidh na bliana mar gheall ar an mbeart atá acu le Adidas.[18]

Liathróidí Peile cuir in eagar

 
Liathróid Peile don Chorn Domhanda 2010

Leathnaíodh portfóilió do Adidas sa bhliain 1966 nuair a bhunóidh Adi Dassler an chéad liathróid peile do Adidas. An ‘Santiago’ a thugtar ar an liathróid peile áirithe sin agus bhí sé mar liathróid éigeandála don Corn Domhanda i Sasana sa bhliain chéanna. Níor thóg sé i bhfad go dtí gur cruthaíodh an ‘Telstar’ a bhí mar liathróid oifigiúil don Corn Domhanda sa bhliain 1970.[19] Ó shin i leith tá Adidas i ndiaidh liathróidí peile a sholáthar le haghaidh chuile Corn Domhanda atá tarlaithe.[20] Tá Adidas mar urraitheoir oifigiúil ar an gcomórtais peile an ‘UEFA Champions League’ agus mar gheall air sin bíonn siad ag soláthar na liathróidí le haghaidh na comórtais ar fad. Thosaigh an nós seo sa bhliain 2001 agus tá sé fós ar siúl acu.[21]

Margaíocht cuir in eagar

 
Derrick Rose

Baineann Adidas úsáid as réimse leathan straitéisí margaíochta chun a bhranda a chur chun cinn. I mí Márta 2011 lainseáil siad an feachtas margaíochta ba mhó go raibh riamh acu. Bhí sé an chéad uair gur riamh thóg siad na fo-bhranda, (Performance, Originals, Sport Style) go léir le chéile. Léirigh an feachtas láithreacht Adidas i spóirt éagsúla, cultúir difriúla agus stíl maireachtála tríd an domhain do cheoil, spóirt agus faisean a mheascadh le chéile. Bhí daoine cáiliúla cosúil le Lionel Messi, David Beckham, Katy Perry agus Derrick Rose go léir páirteach in san feachtas.[22][23]

Baineann Adidas úsáid as straitéisí cathracha chomh maith. Tá an cineál margaíocht seo dírithe ar Londain, Nua-Eabhrac, Páras, Tóiceo, Los Angeles agus Shanghai. An cúis le seo ná go mbíonn dearcadh an tomhaltóir, treochtaí agus cinntí ceannacháin go léir difriúil timpeall an domhain. Mar shampla in san Eoraip dírítear go príomha ar tháirgí sacair a chur chun cinn i gcomparáid le Meiriceá, áit a bheadh siad ag díriú ar tháirgí cispheile a dhíoladh.[24]

Le linn an phaindéim córóinvíreas sa bhliain 2020 laghdaigh Adidas a chaiteachas de 25% ar na meáin. Go príomha laghdaigh siad a chaiteachas le haghaidh imeachtaí cosúil leis na Cluichí Oilimpeacha mar gheall ar an easpa cinnteacht go rachaidh siad ar aghaidh.[25]

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Lewis, R. (2017) Adidas. Ar fáil ag: https://www.britannica.com/topic/Adidas-AG (faighte: 23 Márta 2021)
  2. Robinson, C. (2009) What Is Adidas? Ar fáil ag: https://www.sportsrec.com/adidas-5036214.html (faighte: 23 Márta 2021)
  3. Adidas. (gan dáta) Company Profile. Ar fáil ag: https://www.adidas-group.com/en/group/profile/ (faighte: 23 Márta 2021)
  4. Statista. (2020) Brand value of the leading 10 apparel brands worldwide in 2020. Ar fáil ag: https://www.statista.com/statistics/267931/brand-value-of-the-leading-10-apparel-brands-worldwide/ (faighte: 23 Márta 2021)
  5. Get The Label. (2018) ADIDAS: ONE BRAND, FOUR VISIONS. Ar fáil ag: https://www.getthelabel.com/blog/adidas-one-brand-four-visions/ Curtha i gcartlann 2021-06-18 ar an Wayback Machine (faighte: 27 Márta 2021)
  6. DW. (2006) The Town that Sibling Rivalry Built, and Divided. Ar fáil ag: https://www.dw.com/en/the-town-that-sibling-rivalry-built-and-divided/a-2074427 (faighte: 12 Márta 2021)
  7. Adidas. (gan dáta) Company History. Ar fáil ag: https://www.adidas-group.com/en/group/history/ (faighte: 23 Márta 2021)
  8. Los Angeles Times. (1990) P.M. BRIEFING : French Investor to Buy Adidas. Ar fáil ag: https://www.latimes.com/archives/la-xpm-1990-07-16-fi-273-story.html (faighte: 23 Márta 2021)
  9. Hirsch, L. (2019) Adidas may have underestimated Tiger’s ability to come back. Ar fáil ag: https://www.cnbc.com/2019/04/15/adidas-may-have-underestimated-tiger-this-private-equity-firm-may-win.html (faighte: 29 Márta 2021)
  10. Hall, A. (2009) Adidas and Puma Bury the Hatchet after 60 years. Ar fáil ag: https://www.telegraph.co.uk/news/worldnews/europe/germany/6216728/Adidas-and-Puma-bury-the-hatchet-after-60-years-of-brothers-feud-after-football-match.html (faighte: 12 Márta 2021)
  11. Rogoza, R. (2020) History and Meaning Behind Adidas Logo. Ar fáil ag: https://www.logaster.com/blog/adidas-logo/#company1 (faighte: 28 Márta 2021)
  12. 12.0 12.1 Think Marketing. (2012) Adidas logo and brand transformations story. Ar fáil ag: https://thinkmarketingmagazine.com/adidas-logo-transformations/ (faighte: 23 Márta 2021)
  13. BBC. (2021) Commercialisation in sport. Ar fáil ag: https://www.bbc.co.uk/bitesize/guides/zp2jxsg/revision/4 (faighte: 28 Márta 2021)
  14. Lawrence, B. (2020) Top 25 Most Influential Adidas Sponsored Athletes. Ar fáil ag: https://opendorse.com/blog/top-25-most-influential-adidas-sponsored-athletes-on-social/ Curtha i gcartlann 2021-04-18 ar an Wayback Machine (faighte: 27 Márta 2021)
  15. Statista. (2021) The adidas Group's footwear production worldwide from 2008 to 2020. Ar fáil ag: https://www.statista.com/statistics/227015/the-adidas-groups-footwear-production-worldwide/ (faighte: 27 Márta 2021)
  16. Statista. (2021) The adidas Group's apparel production worldwide from 2008 to 2020. Ar fáil ag: https://www.statista.com/statistics/250930/the-adidas-groups-footwear-production-worldwide/ (faighte: 27 Márta 2021)
  17. Gorsler, F. (2021) A BRIEF HISTORY OF KANYE WEST'S HISTORIC ADIDAS COLLABORATION. Ar fáil ag: https://www.highsnobiety.com/p/kanye-west-adidas-history/ (faighte: 29 Márta 2021)
  18. Popović, N. (2016) Nike vs. Adidas: Battle For The Biggest Kit Supplier Deals In Football History. Ar fáil ag: http://promoovertime.com/nike-vs-adidas-battle-biggest-kit-supplier-deals-football-history/ (faighte: 20 Márta 2021)
  19. Adidas. (2013) 60 years of adidas – the stories that still inspire us today. Ar fáil ag: https://web.archive.org/web/20130513235723/http://www.adidas-group.com/en/ourgroup/assets/History/pdfs/60Years_HistoricalOverview_e.pdf (faighte: 20 Márta 2021)
  20. Connaughton, G. (2021) 1970-2018: Ranking Every Official FIFA World Cup Ball Of The Adidas Era. Ar fáil ag: https://www.balls.ie/football/ranking-every-official-fifa-world-cup-ball-432143 (faighte: 29 Márta 2021)
  21. Football-Balls. (2021) UEFA Champions League balls. Ar fáil ag: http://football-balls.com/balls/champions-league (faighte: 20 Márta 2021)
  22. Adidas. (2011) ADIDAS IS ALL IN - LAUNCHING THE BIGGEST MARKETING CAMPAIGN IN THE BRAND’S HISTORY. Ar fáil ag: https://www.adidas-group.com/en/media/news-archive/press-releases/2011/adidas-all-launching-biggest-marketing-campaign-brands-history/ (faighte: 29 Márta 2021)
  23. Felippe, M. (2011) Adidas Launches biggest marketing campaign in the brand’s history. Ar fáil ag: https://ww.fashionnetwork.com/news/adidas-launches-biggest-marketing-campaign-in-the-brand-s-history,159417.html (faighte: 20 Márta 2021)
  24. DAN. (2020) 6 Things You Should Know About Adidas’ Digital Marketing Strategy. Ar fáil ag: https://digitalagencynetwork.com/digital-marketing-strategy-of-adidas/ (faighte: 29 Márta 2021)
  25. Vizard, S. (2020) Adidas cut media spend by 25% during lockdown but now plans to ‘reaccelerate’. Ar fáil ag: https://www.marketingweek.com/adidas-cut-spend-lockdown-now-reaccelerate/ (faighte: 22 Márta 2021)