Is é an tAeón Fanarasóch an t-aeón reatha san amscála geolaíoch, agus lena linn mhair ainmhithe go flúirseach ar an domhan. Clúdaíonn sé thart ar 542,000,000 bliain agus téann sé ar ais go dtí an t-am ina raibh ainmhithe cruabhlaoscach éagsúla ar fáil don chéad uair ar an domhan. Tagann an téarma Fanarasóch ó na focail Gréigise φανερός agus ζωή, a chiallaíonn saol infheicthe, ó creideadh uair amháin gur thosaigh an saol sa Tréimhse Chaimbriach, an chéad tréimhse den aeón seo. Tá t-am roimh an Aeón Fanarasóch, ar a dtugtar tráth an Sár-aeón Réamhchaimbriach, roinnte anois idir na trí aeón seo a leanas ; an tAeón Háidéasach, an tAeón Aircéach agus an tAeón Prótarasóch.