Is éard atá i gceist leis an aerasól sa chiall eolaíoch ná cineál meascán collóideach ina bhfuil cáithníní beaga soladacha nó deora beaga leachta scaipthe ar fud an gháis nó an aeir. Is minic a shíltear gurb ionann aerasól agus ábhar spraeáilte, ach san eolaíocht is coincheap i bhfad níos cuimsithí é: mar shampla, glactar leis na scamaill mar cineál aerasól, ós rud é gur deora beaga uisce atá ann agus iad scaipthe san aer.

Spraechanna

Bhíodh clórafluaracarbóin (CFCanna) in úsáid le fada mar iompróir an ábhair le deascadh is é faoi bhrú i spraechanna, ach tá deireadh curtha leis an úsáid seo de bharr an dochair don chiseal ózóin.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Aerasól". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 12.