Brainse na bhfórsaí armtha a oibríonn aerárthaigh is diúracáin. Cuireadh tús leo i 1911-1914, agus tháinig siad le bheith an-tábhachtach i rith an chéad chogadh domhanda. Bhí siad níos suntasaí fós sa dara cogadh domhanda, le róil bheartacha (eitleáin troda is eitleáin ionsaithe gearr-raoin) is straitéiseacha (eitleáin buamála fadraoin). Le teacht chun cinn na mbuamaí adamhacha tháinig na haerfhórsaí le bheith níos tábhachtaí fós. Sna Stáit Aontaithe scaradh an t-aerfhórsa ón arm i 1947. Sna Stáit Aontaithe, an Bhreatain, an Fhrainc is sa Rúis, tá aerfhórsaí ar leith atá dírithe ar chogaíocht farraige, faoi cheannas an chabhlach cogaidh.[1]

Aerfhórsa

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Aerfhórsa". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 12.