Scríbhneoir Sasanach ab ea Dame Agatha Mary Clarissa Christie Mallowan DBE (née Miller; 15 Meán Fómhair 189012 Eanáir 1976) a rugadh i Torquay nDevon. Scríobh sí scéinséirí, scéalta dúnmharuithe, agus ficsean coireachta, agus bleachtaireachta. Chomh maith leo seo, scríobh sí scéalta grá faoin ainm cleite Mary Westmacott, ach thar aon rud eile is le haghaidh na 66 úrscéal bleachtaireachta a scríobh sí (go háirithe na cinn le Hercule Poirot nó Miss Jane Marple), chomh maith le níos mó ná 15 bailiúchán gearrscéalta agus drámaí don West End a bhfuil clú agus cáil anois uirthi.

Infotaula de personaAgatha Christie

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Agatha Mary Clarissa Miller
15 Meán Fómhair 1890
Torquay ()
Bás12 Eanáir 1976
85 bliana d'aois
Winterbrook (an Ríocht Aontaithe)
Siocair bháisBás nádúrtha
Áit adhlacthaCholsey Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síoideachas príobháideach Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Réimse oibreCoirscéal, ficsean bleachtaireachta, scríbhneoireacht chruthaitheach agus phroifisiúnta agus gníomhaíocht liteartha
Gairmscríbhneoir, úrscéalaí, scríbhneoir coirscéalta Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1920 –  1976
Ball de
SeánraCoirscéal, úrscéal eachtraíochta, dírbheathaisnéis agus ficsean bleachtaireachta
GluaiseachtKnox's Commandments (en) Aistrigh
Ainm cleiteMary Westmacott Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileArchie Christie (1914–1928)
Max Mallowan (1930, 1930–1976) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteRosalind Christie
 ( Archie Christie) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairFrederick Alvah Miller  agus Clarisa Margaret Boehmer
SiblínMargaret Frary Miller agus Louis Miller
Gradam a fuarthas
Síniú

Suíomh gréasáinagathachristie.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0002005 Allocine: 36301 Rottentomatoes: celebrity/agatha_christie Allmovie: p216888 TCM: 342269 Metacritic: person/agatha-christie TV.com: people/agatha-christie IBDB: 3916 AFI: 7765
Musicbrainz: 46a098f3-272d-4bec-9746-67e8ab48ed40 Songkick: 109022 Discogs: 556738 Find a Grave: 1563 Cuir in eagar ar Wikidata

De réir Guinness Book of World Records, is é Christie an t-údar is mó díol ar domhan. Tá idir 2 go 4 billiún (4,000,000,000)[1] cóip dá cuid leabhar díolta; níl ach Shakespeare agus an Bíobla a dhíol níos mó. Tá a cuid leabhar foilsithe i thart ar 103 teangacha sa bhliain 2007, níos mó ná aon údar eile. Is é And Then There Were None a húrscéal is cáiliúla, agus níos mó ná 100 milliún cóip díolta.

Is é The Mousetrap, dráma a scríobh Christie, an dráma is faide ar siúl—níor stadadh dá léiriú ó thosaigh sé ar an 25 Samhain 1952.[2]

Tá mórán scannán ann bunaithe ar obair Christie, mar shampla Murder on the Orient Express, Death on the Nile, agus 4.50 from Paddington, agus tá cuid mhaith díobh curtha in oiriúint don teilifís, raidió, cluichí ríomhaire agus greannáin.

Agatha mar chailín óg

Saol cuir in eagar

Rugadh Agatha Mary Clarissa Miller i Torquay, nDevon. Bhí a máthair, Clarissa Margaret Boehmer, mar iníon le Captaein san arm.

Ba Agatha an duine is óige de thriúr. Bhí dhá phaiste eile ag na Miller's: Margaret Frary Miller (1879–1950) nó "Madge", agus Louis Montant Miller (1880–1929), nó "Monty".

Mar pháiste chuaigh sí chun cónaí lena haintín. Dúirt Agatha go raibh óige sona aici. Cé nár fhreastail Agatha ar scoil, bhí oideachas aici. Chreid a mháthair nár chóir páistí foghlaim chun léamh go dtí aois a hocht, ach mhúin Agatha í féin chun léamh ag aois a ceithre bliana.

Mhúin a hathair mata dí, agus d'imir siad cluichí a raibh ar nós Trivial Pursuit a bhfuil againn anois. Bhí ceachtanna pianó aici, a thaitin léi, agus ranganna damhsa, nár thaitin léi. Nuair nach raibh sí ábalta Fraincis a foghlaim trí oideachas foirmiúil, fuair sí buime nach raibh ábalta ach Francis a labhairt.

I rith an Céad Chogadh Domhanda, d'oibrigh Agatha mar bhanaltra sa VAD (Voluntary Aid Detachment). Mar chuid den obair, d'oibrigh sí i gcógaslann ospidéil.

Ar Oíche Nollag 1914, phós Agatha Archibald Christie, píolótach san Cór Eitilte Ríoga. Bhí iníon amháin acu, Rosalind Margaret Clarissa Hicks (née Christie; 5 Lúnasa 1919–28 Deireadh Fómhair 2004).

Foilsíodh a céad úrscéal, The Mysterious Affair at Styles, sa bhliain 1920. Nuair a fuair Archie phost ag eagrú turas domhanda ag cur chun cinn ar an Taispeántas Impireacht na Breataine, d'fhág an lánúin a iníon le máthair agus deirfiúr Agatha agus thaistil siad chuig an Afraic Theas, An Astráil, An Nua-Shéalainn agus Haváí. D'fhoghlaim siad conas tonnmharcaíocht a dhéanamh ag seasamh suas i Waikiki agus bhí siad mar chinn de na chéad mBriotanach chun é a dhéanamh.

Scannal cuir in eagar

 
1926: Cealú agus filleadh
 
Agatha Christie, an Acrapoil, an Ghréig, 1958

I 1926 dúirt Archie le Agatha go raibh sé i ngrá le bean eile, Nancy Neele, agus bhí fonn air colscaradh a fháil ó Agatha. Ar an 8 Nollaig 1926 bhí troid ag an lánúin, agus d'fhág Archie an bhaile, Styles i Sunningdale, Berkshire, chun an deireadh seachtaine a chaitheamh lena mháistreás i Godalming, Surrey. An oíche cheanna d'fhág Agatha dhá litir, ceann don rúnaí, ag rá go raibh sí ag dul go Yorkshire, agus ceann eile do Archie.

Ar an 19 Nollaig 1926 fuarthas Christie ina steillbheatha san Óstán Swan Hydropathic i Harrogate, Yorkshire. Bhí sé cláraithe faoin ainm 'Mrs. Teresa Neele' (an sloinne ceanna le máistreás Archie), ó Cape Town. Níor mhínigh Christie níos déanaí an scéal. Cé go ndúirt dhá dochtúir go raibh "psychogenic fugue" aici, níl a fhios againn i ndáiríre céard a tharla.

Scríobh an t-údar Jared Cade leabhar iomlán faoin eachra seo, Agatha Christie And The Eleven Missing Days.

Fuair Archie agus Agatha colscaradh sa bhliain 1928, tar éis 14 bliain le chéile. I rith an am sin d'fhoilsigh Agatha 6 úrscéal, bailiúchán de gearrscéal agus roinnt scéalta i irisí.

 
The American Magazine, Márta 1933

I 1930, phós Christie an seandálaí Max Mallowan tar éis dul leis ar thuras seandálaíochta.

Sa bhliain 1971, bhronn an Bhanríon Eilís II "dáma" ar Christie i bPálás Buckingham.

Saothar cuir in eagar

Sholáthraigh Agatha Christie agus scríbhneoirí eile sa Bhreatain sárshamplaí den ‘cosy crime’, a scríobh Anna Heussaff[3]: plotaí casta fíorchliste á n-ionramháil i sráidbhailte áille agus i dtithe ársa, ach carachtair maide mar amhrastaigh iontu.

D'fhoilsigh Agatha Christie dhá dhírbheathaisnéis: ceann iarbháis bunaithe ar a saol ón óige go dtína sean-aois, agus ceann bunaithe ar na tréimhsí a chaith sí sa tSiria agus san Iaráic lena dara fear céile, Max Mallowan. Foilsíodh an dara ceann sa bhliain 1946 leis an ainm Come, Tell Me How You Live.

Sa bhliain 2005, thángthas ar ghearrscéal darbh ainm The Incident of the Dog's Ball in áiléar iníon an údair. Is air a bunaíodh an t-úrscéal Dumb Witness. Foilsíodh é sa Ríocht Aontaithe i mí Meán Fómhair 2009 sa leabhar Agatha Christie's Secret Notebooks: Fifty Years of Mysteries in the Making, le John Curran, chomh maith le gearrscéal nua faoi Poirot, The Capture Of Cerberus.

Scéalta cuir in eagar

D'úsáid Christie áiteanna a raibh eolach di ina cuid oibre. Chabhraigh a cuid taistil le Max léi dá bharr. Mar shamplaː

  • bhí leabhair eile bunaithe i Torquay, an áit inar rugadh í (m.sh. And Then There Were None).
  • Scríobh sí Murder on the Orient Express sa bhliain 1934 san Óstán Pálás Pera in Iostanbúl, sa Tuirc. Tá an seomra inar fhán sí fós ann mar shéadchomhartha di.
 
Seomra Christie san Óstán Pálás Pera in Iostanbúl, an Tuirc.

Agatha as Gaeilge cuir in eagar

  • Ná Tabhair Fianaise Bréige, le Pádraig Ó Siochrú : Aistriúchán ar 'The Truth, The Whole Truth' le Agatha Christie[4].
  • An t-Oileán Doilfe,le Aodh Mac Dhubháin : Aistriúchán ar 'Ten Little Niggers' (1939) le Agatha Christie

Tagairtí cuir in eagar

  1. The Times, September 15, 2008. ISSN 0140-0460 Nico Hines. "Agatha Christie’s secret tapes discovered" (en). Dáta rochtana: 2022-01-12.
  2. "The Mousetrap" (as en) (2019-12-16). Wikipedia. 
  3. comhar.ie (2017). "Mistéirí fhicsean bleachtaireachta na Gaeilge". Dáta rochtana: 2019.
  4. irishplayography.com. "playography". Dáta rochtana: 2019.