Ciallaíonn an t-agnóiseachas an sceipteachas a chuireann in iúl nach féidir leis an aigne dhaonna a bheith ar an eolas maidir le Dia a bheith ann.[1] Ní féidir linn a bheith ar an eolas maidir le rud ar bith atá lasmuigh de theorainneacha an domhain ábhartha eolaíochta, de réir na tuairime seo.

Thomas Henry Huxley

Cineál sceipteachais atá i gceist leis an agnóiseachas. Séanann an sceipteachas gur féidir leis an duine daonna a bheith feasach ar an bhfírinne nó go bhfuil a leithéid de rud ann agus fírinne oibiachtúil. Leagan den sceipteachas atá san agnóisiachas a chuireann in iúl an creideamh nach féidir leis an aigne dhaonna a bheith feasach an ann nó as do Dhia. Den chuid is mó, tá an t-agnóisiachas bunaithe ar an dearcadh nach bhfuil aon eolas againn ar an méid a ghabhann thar theorainneacha an domhain ábharaigh eolaíochtúil.

Tugtar agnóisí ar an té atá den tuairim nach féidir leis an duine a fháil amach cé acu atá Dia ann nó nach bhfuil.

Sanasaíocht cuir in eagar

B'é Thomas Henry Huxley, sa bhliain 1869, ba thúisce a bhain úsáid as an téarma sin "agnóiseachas". Tagann an focal ón nGréigis "a" = "gan", agus "gnosis" = "eolas").

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Mater Dei. "Clár 'Briathar'". web.archive.org. Dáta rochtana: 2021-09-17.