Is é an rud atá i gceist leis na haicmí speictreacha ná córas leis na réaltaí a aicmiú de réir an chineál solais atá siad a astú, nó dath na réalta. Le litreacha a chuirtear na haicmí seo in iúl: O, B, A, F, G, K, M. Fadó, cheap na hábhair réalteolaithe an deilín Béarla oh, be a fine girl, kiss me le cuimhne a choinneáil ar na haicmí seo. Is iad saintréithe na n-aicmí ná:

O: Seo an cineál is teo acu ar fad (teocht an fhótaisféir atá i gceist, nó taobh istigh, tá na réaltaí i bhfad níos teo, cibé scéal é). Tá teocht an dromchla tríocha éigin míle céim Celsius, nó níos airde fós. Tá na réaltaí seo bánghorm. Maidir leis na línte speictreacha, tá na dúile éadroma, an héiliam ach go háithrid, le haithint go soiléir. De na réaltaí is aithnidiúla, tá Alnitak agus Mintaka i gCrios an Bhodaigh le fáil san aicme seo, mar shampla.

B: Tá na réaltaí seo te go leor fosta, ach níl siad chomh te leis an chéad aicme - tá siad níos fuaire ná tríocha míle céim Celsius, agus iad bán nó bánghorm. Tá Rigel, an réalt is gile de chuid an Bhodaigh, le fáil san aicme seo, chomh maith le hAlnilam, an tríú réalta i gcrios an Bhodaigh.

A: tá an teocht ag dul síos, agus an réalta ag éirí bán. Ní sháraíonn teocht na réaltaí seo deich míle céim Celsius, ach mar sin féin, tá siad níos teo ná an Ghrian. Is dócha gurb í Sirius, an réalta is gile ar fud na spéire mar a fheicimid féin í, an réalta is mó le rá dá bhfuil san aicme speictreach áirithe seo. Ní mór Vega a lua, chomh maith - tá sí ar réaltaí geala na spéire chomh maith le Sirius féin, agus í suite i réaltbhuíon na Lire. Le sampla eile a tharraingt anuas, is san aicme seo a fhaightear an chuid is mó de réaltaí an Chamchéachta, fosta.

F: tá na réaltaí seo cineál bánbhuí, agus lorg na miotal éadrom le haithint ar a speictream. Bíonn siad níos teo ná ár nGrian féin, ón sé mhíle go dtí an naoi míle céim Celsius. Ina measc seo, faightear réaltaí ar nós Procyon (an réalt is gile sa Mhadra Beag) agus an Réalta Thuaidh, chomh maith le hAlzirr sa Chúpla - le cúpla sampla a lua.

G: san aicme seo a fhaightear an abhacréalta bhuí a bhfuil an Domhan s'againn féin ag dul ina timpeall. Mar sin, is réaltaí buí iad seo, ach ní abhacréaltaí iad go léir. Sroicheann na habhacréaltaí buí san aicme seo teocht sé mhíle céim Celsius, ach bíonn na fathachréaltaí míle nó cúpla míle céim níos fuaire. Tá Capella, ceann de na fathachréaltaí is gile amuigh, san aicme seo - nó, le bheith beacht, tá Capella comhdhéanta as dhá fhathachréalt san aicme G agus dhá réalt níos fannlaige san aicme M, siúd is nach bhfuil an ilréaltacht seo le haithint ach amháin ar athruithe an speictrim. Cibé scéal é, tá Capella ar an réalt is gile i réaltbhuíon an Ara, agus Alpha Aurigae a thugtar uirthi fosta, dá réir sin.

K: réaltaí flannbhuí nó deargbhuí iad seo, is é sin, tá siad ar aon dath leis an oráiste agus le saiseanna na bhfear cróga udaí a bíos amuigh ag siúlóid ar an dóú lá déag de Mhí Iúil. Tá an chuid is teo acu ina mbaill den Phríomhsheicheamh, chomh maith le formhór mór na réaltaí go léir. Na réaltaí príomhsheichimh atá san aicme seo, is ionann, a bheag is a mhór, a dteocht agus teocht na bhfathach san aicme G, mar atá, ó cheithre go cúig mhíle céim Celsius. Na fathachréaltaí san aicme K, bíonn siad níos fuaire fós. Tá lorg na miotal le haithint go soiléir ar speictream na réaltaí seo. Baineann Aldebaran agus Arcturus leis an aicme seo. Is í Aldebaran an réalt is gile i réaltbhuíon an Tairbh, agus Arcturus i gceannas ar an Aoire.

M: seo iad na réaltaí dearga. Bíonn siad trí mhíle céim Celsius ar theocht, nó níos fuaire fós, más fathachréaltaí iad (ón taobh eile de, más abhacréaltaí iad, féadann siad a bheith beagáinín níos teo) agus na miotail, fiú ocsaidí miotail, le haithint ar a speictream. Tá réaltaí de chuid na haicme seo ar fáil i measc na bhfathach agus i measc na n-abhac. Is dócha gurb í Antares, an réalt is gile i réaltbhuíon na Scairpe, an fhathachréalta is mó le rá ins an aicme áithrid seo. Ón taobh eile de, tá a dtábhacht féin le Réalta Kapteyn agus Réalta Barnard, dhá abhacréalta a bhaineann leis an aicme seo, nó tá siad ar na réaltaí is mó dualghluaisne ar an spéir.