Is teanga dhúchais na Seapáine í an Aidhniúis (Aidhniúis: アィヌ・イタㇰ, nó, Aynu=itak, Seapáinis: アイヌ語, Ainu-goBéarla: /ainu/). Labhraítear í ar an oileán Hokkaido i dtuaisceart na Seapáine. Is í teanga stairiúil na nAidhniúch í. Bhí cainteóirí ann sa Rúis (Sachailín agus sna h-Oileáin Chúiríl) go dtí na 1960idí.

Infotaula de llenguaAn Aidhniúis
Cineálteanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais10 (2007)
Dúchasach doMaoracht Hokkaido, Oileáin Chúiríl, Sacailín agus Cúige Shakhalin
Stáitan tSeapáin agus an Rúis
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
an Aidhniúis
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaAinu orthography (en) Aistrigh agus aibítir Laidineach
Staidéar agQ117268402 Aistrigh
Leibhéal leochaileachta5 critically endangered (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-2ain
ISO 639-3ain
Glottologainu1252
Linguasphere45-B
Ethnologueain
Linguist Listain
UNESCO475
IETFain
Endangered languages1212

Stair cuir in eagar

Ceaptar gurb í an Aidhniúis an teanga a labhraíodh sa tSeapáin sular tháinig na Seapánaigh ann idir 700 agus 1300 bliana ó shin. Comharthaíonn logainmneacha i dtuaisceart na Seapáine (Tohoku) go raibh lonnaíochtaí Aidhniúcha ann sa chuid is faide ó thuaidh den oileán Honshu. Faightear a lán logainmneacha Aidhniúise ar an oileán Hokkaido, ina labhraítear an teanga go fóill le roinnt bheag daoine.

D'aithin rialtas na Seapáine an teanga go hoifigiúil den chéad uair i mí Feabhra 2019.[1]

Canúintí cuir in eagar

 
Canúintí na h-Aidhniúise

Maidir le canúintí na h-Aidhniúise, tá Yakumo, Oshmambe, Horobetsu, Biratori, Niikappu, Samani, Nukkibetsu, Obihiro, Asahikawa, Kushiro, Bihoro, Nayoro agus Soya ann sa tSeapáin, chomh maith leis na canúintí a bhí ann sa Rúis.[2]

Fóineólaíocht cuir in eagar

Is teanga CV(C), (C=Consan, V=Guta), í an Aidhniúis.

Gutaí cuir in eagar

Tosaigh Láir Cúil
Dúnta i u
Leath-ard e o
Oscailte a

Bhí gutaí fada ag Aidhniúis Shachailín.

Consain cuir in eagar

Dé-liopach Ailbheólach Carballach Coguasach Glotasach
Pléascach p t k
Aifricéad t͡s
Frithchaiteach s h
Srónach m n
Neasach j w
Tapchonsan ɾ

Fuaimnítear /ti/ agus /tsi/ mar [t͡ʃi], agus /s/ mar [ʃ] roimh /i/ ag deireadh siolla.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Japan prepares law to finally recognize and protect its indigenous Ainu people" (en). Washington Post. Dáta rochtana: 2020-08-05.
  2. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-05-05. Dáta rochtana: 2013-02-01.

Féach freisin cuir in eagar