Is é an t-aigéad sárchlórach HClO4 an t-ocsaigéad is cobhsaí dá bhfuil ag an gclóirín. Is í an uimhir ocsaídiúcháin atá ag an gclóirín i móilín an aigéid shárchlóraigh ná +VII. Aigéad láidir é - níos láidre fós ná an t-aigéad hiodraclórach, an t-aigéad nítreach agus an t-aigéad sulfarach. Tugtar sárchlóráití ar shalainn an aigéid seo. Bíonn na salainn seo sothuaslagtha san uisce, agus is féidir teacht orthu sa dúlra i bhFásach Atacama sa tSile, áit a bhfuil siad measctha sna níotráití.

WD Bosca Sonraí Comhdhúil CheimiceachAigéad sárchlórach

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachaicme eintiteas ceimiceach
Mais mhóilíneach99.956336 Da
Struchtúr ceimiceach
Foirmle cheimiceachHClO₄
SMILES canónta
Model 2D
OCl(=O)(=O)=O
InChIModel 3D
NFPA 704: Standard System for the Identification of the Hazards of Materials for Emergency Response () Cuir in eagar ar Wikidata

Murab ionann agus ocsaigéid eile an chlóirín, tá an t-aigéad sárchlórach chomh cobhsaí is gur féidir é a aonrú agus a ghlanadh. San am chéanna tá sé tábhachtach cuimhne a choinneáil air go bhfuil an-phriacal pléasctha ag baint leis an aigéad sárchlórach. Tá sé i bhfad níos sábháilte é a thuaslagadh san uisce ná a choinneáil i dtaisce mar ghlanleacht.

Ocsaídeoir láidir é an t-aigéad sárchlórach agus é te, ach le teocht an tseomra ní dhéanann tuaslagáin an aigéid shárchlóraigh mórán ocsaídiú. Is féidir tuaslagáin an aigéid a chriostalú - aithnítear cúig hiodráit éagsúla ag an aigéad sárchlórach. Tá na hiodráití criostalaithe comhdhéanta as ian sárchlóráite ClO4-, ian hiodrocsóiniam H3O+ agus móilíní uisce ina dtimpeall.

Is féidir leis an aigéad sárchlórach meascán aiseotrópach a fhoirmiú leis an uisce: 72.5 % é codán an aigéid shárchlóraigh ina leithéid de mheascán. Meascán tais-scópach é, is é sin is dual dó uisce a ól óna thimpeallacht má táthar á choinneáil i gcoimeádán oscailte.

An chuid is mó den aigéad sárchlórach a tháirgtear, úsáidtear é le haghaidh salainn sárchlóráite, go háirithe an tsárchlóráit amóiniam NH4ClO4, ar breosla róicéid í.