Tomhas ar thiúchan an ian hidrigine i dtuaslagáin. Úsáidtear an scála logartamach pH ó 0 (tiúchan an-ard) go dtí 14 (an-íseal). Nuair is beag an pH, is aigéadach an tuaslagán. Tá pH 7 ag uisce driogtha, pH 7.4 ag an bhfuil, agus deirtear go bhfuil tuaslagáin le pH 5.5-8.5 neodrach. Timpeall pH 3.5 atá ag fínéagar, agus pH 1 ag aigéad bataire. Deirtear gur alcaileach nó bunata tuaslagán le pH níos mó ná 7: bíonn pH 10 ag bainne maignéise, pH 12 ag tuarthóir, suas le pH 13 ag hiodrocsaíd sóidiam, NaOH.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Aigéadacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 17.