Rud a mhéadaíonn nó a ardaíonn fuaim is ea aimplitheoir, nó gléas a chuireann breis nirt le sruth leictreachais agus a ardaíonn an fhuaim ó ghléas raidió,[1] nó Gléas nó ciorcad leictreonach a mhéadaíonn aimplitiúid comhartha leictrigh. Le trasraitheoirí is feistí eile leathsheoltóra ar chiorcaid iomlánaithe a thógtar na ciorcaid seo an lá atá inniu ann. I ngléas raidió, teilifíse nó eile bíonn na comharthaí a ghlactar leis an aeróg nó ó bhraiteoirtrasduchtóir an-lag ar fad, agus ní mór na comharthaí seo a aimpliú le haimplitheoir atá fuinnmhithe ag batairí nó ó mhogalra Bhord Soláthair an Leictreachais. De ghnáth is gá aimplitheoir ar leith a úsáid, ar a dtugtar aimplitheoir cumhachta, chun comharthaí closmhinicíochta a aimpliú is a sholáthar, mar shampla, do challaire le fuaim a ghiniúint.[2]

Infotaula equipament informàticAimplitheoir

Cuir in eagar ar Wikidata
Aimplitheoir

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "An Foclóir Beag: aimplitheoir" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2022-08-19.
  2. Hussey, Matt (2011). "Aimplitheoir". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 23.