Is grúpa aindiach é Aindiachaithe Éireann, nó i mBéarla Atheist Ireland. Grúpa tacaíochta Éireannach é Aindiachaithe Éireann. Bunaíodh an cumann ag an Central Hotel i mBaile Átha Cliath sa bhliain 2008. Cuireann sé an t-aindiachas agus an réasún chun cinn roimh phiseoga agus osnádúrthacht agus cuireann sé sochaí eiticiúil thuata chun cinn áit nach mbeadh an stát ag tabhairt tacaíochta nó cúnamh airgid nó cóir ar leith d'aon reiligiún. Is ball é Aindiachaithe Éireann den Chomhghuaillíocht Aindiachaithe Idirnáisiúnta (Atheist Alliance International),[1] scáthghrúpa d'eagraíochtaí agus de dhaoine i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus timpeall na cruinne atá tiomanta an réasún agus an dearcadh domhanda aindiachaí a chur chun cinn agus a chosaint. Is é Michael Nugent cathaoirleach an ghrúpa faoi láthair.

Bunreacht an ghrúpa cuir in eagar

1.Ráiteas Misin

1.Déanann Aindiachaithe Éireann iarracht sochaí réasúnach, thuata, eiticiúil a thógáil a bheadh saor ó phiseoga agus ó osnádúrthacht.

2.Aidhmeanna

2.1 Leis an aindiachas a chur chun cinn roimh phiseoga agus osnádúrthacht

2.2. Éire eiticiúil agus tuata a chur chun cinn, áit nach mbeadh an stát ag tacú le nó ag maoiniú nó ag tabhairt cóir speisialta d'aon reiligiún.

3. Ballraíocht

3.1. Is féidir le haon duine a aontaíonn le misean agus aidhmeanna an chumainn bheith ina b(h)all.

3.2. Is féidir le haon eagraíocht a aontaíonn le misean agus le haidhmeanna an chumainn bheith ina ball.

3.3. €25 an duine an táille bhliantúil nó €10 dóibh sin gan phost

3.4. Is féidir go rachfaidh Aindiachaithe Éireann isteach i nó nascadh a dhéanamh le grúpaí eile lenár n-aidhmeanna a chur chun cinn.

4. Gníomhaíochtaí

4.1. Roghnófar na gníomhaíochtaí ó am go ham ag brath ar ár dtosaíochtaí agus ar na hacmhainní atá ar fáil dúinn.

4.2. Níl de dhualgas ar gach ball aontú nó tacú le gach aon ghníomhaíocht.

5. Struchtúr Náisiúnta

5.1. Is éard atá i gceist leis an gcoiste bainistíochta ná cathaoirleach, rúnaí, oifigeach airgeadais agus oifigeach réigiúnach(tá siad seo le toghadh ag gach cruinniú ginearálta bliantúil(CGB)) móide aon ról a mheasann an coiste a bheith úsáideach le cruthú nó le scor ó am go ham ar mhaithe le cuspóirí faoi leith (tá baill mar seo le comhthoghadh ag an gcoiste).

5.2. Is éard atá i gceist leis an gcoiste iomlán ná an coiste bainistíochta agus cathaoirleach gach grúpa réigiúnaigh.

5.3. Is féidir go roghnóidh an coiste iomlán go mbeadh vóta ag na baill uile ar shaincheisteanna faoi leith.

5.4. Déanfar CGB a chur ar fáil do gach ball gach bliain.

6. Struchtúr Réigiúnach

6.1. Bunóidh an coiste bainistíochta coistí réigiúnacha, agus beidh struchtúr na gcoistí seo ag an leibhéal réigiúnach cosúil le struchtúr an choiste náisiúnta, mar atá sé ag leibhéal náisiúnta.

6.2. Beidh a gCGB féin de bhaill réigiúnacha ag coistí réigiúnacha gach bliain.

6.3. Is féidir le coistí réigiúnacha cosití áitiúla a chur ar bun laistigh dá réigiúin féin.

6.4. Feidhmeoidh coistí réigiúnacha agus coistí áitiúla go neamhspleách le hAindiachaithe Éireann a chur chun cinn laistigh dá réigiúin féin leis an mBunreacht seo.

7. Athbhreithniú

7.1. Is féidir an bunreacht seo a leasú le vóta dhá thrian de bhaill a bheidh i láthair agus i dteideal vótála ag CGB.

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar