Is éard is aingíne chléibh ann ná pianta sa chliabh, agus uaireanta sna gialla is an ghéag uachtarach chlé, agus an mothúchán go bhfuil sé á mhúchadh, a tharlaíonn do dhuine a dteipeann an soláthar ocsaigine do mhatáin an chroí air. Tarlaíonn an teip seo de bharr cúngú nó bac éigin in artaire corónach, mar shampla, de bharr plaice artaireascléaróisí.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarAingíne chléibh
cuir in eagar
Cineálcoronaropathy (en) Aistrigh agus pian chliabhraigh Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighiscairdeolaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Cóireáil chliniciúil
Aicmiú
ICD-10I20 Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-9413 Cuir in eagar ar Wikidata
CIAPK74 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
Enciclopèdia Catalana0220078 Cuir in eagar ar Wikidata
DiseasesDB8695 Cuir in eagar ar Wikidata
MedlinePlus000198, 000201 agus 001107 Cuir in eagar ar Wikidata
eMedicine150215 Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD000787 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC0002962 Cuir in eagar ar Wikidata

Is é gnáthghnó artaire chorónaigh ar leith fuil ocsaiginithe, agus mar sin ocsaigin, a sholáthar do chuid ar leith de mhatán an chroí. Tarlaíonn an phian seo tar éis roinnt aclaíochta den chuid is mó, agus cuirtear chun suain é le babhta scíthe. Déanann córacha leighis atá bunaithe ar níotráit, ina measc nítriglicirín, matáin an chroí a bhogadh is na fuileadáin iontu a leathadh amach ionas go dtugann siad faoiseamh sciobtha ar aingíne chléibh. Tá córacha leighis ann, na béite-bhlocálaithe, a fheidhmíonn i gcoinne aidréanailín (hormón a thálann an croí go nádúrtha chun bualadh an chroí a thapú) agus mar sin a mhoillíonn an croí is a laghdaíonn gá ocsaigine an chroí. Uaidh sin, tugann siad faoiseamh ar na pianta seo.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Aingíne chléibh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 24.