Córas a saothraíodh chun ainm réasúnta inaitheanta intuigthe a thabhairt ar ionad ar an Idirlíon (uimhir prótacal idirlín, IPN) a fheidhmíonn mar sheoladh seachadta (rte.ie nó irlgov.ie, mar shampla). Bíonn ordlathas san ainm fearainn, agus na leibhéil scartha le ponc. Sa bhfearann is airde, ar an taobh deas, bíonn cód don tír (.ie d'Éirinn, .uk don Bhreatain, .cn don tSín) nó cód neamhgheografach (.com nó .org). I bhfearann níos ísle, a scríobhtar ar clé ón bhfearann is airde, bíonn dréacht éigin d'ainm na comhlachta, na heagraíochta nó an duine (rte. nó irlgov.). I dtíortha móra, bíonn fearann den dara leibhéal idir fearann na tíre is fearann na comhlachta uaireanta (mar shampla, sa Bhreatain úsáidtear .co.uk do chomhlachtaí, is .ac.uk d'institiúidí ardoideachais).[1]

Ainmneacha fearainn

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Ainmneacha fearainn". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 25.