Feiste ar aerárthach chun a airde os cionn talún a thomhas. Bíonn an gnáthchineál bunaithe ar tharchur comhartha raidió, glacadh an chomhartha fhrithchaite ón talamh, an t-am ó tharchur go glacadh a thomhas agus, ós rud é go dtaistealaíonn tonn raidió ag luas an tsolais, atá ar eolas, an airde a ríomh uaidh sin. Nuair a éiríonn an talamh faoin aerárthach le linn don áerárthach a bheith ag eitilt go cothrománach, tomhaiseann an t-airdemhéadar laghdú san airde.[1]

Airdemhéadar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Airdemhéadar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 26.