Cathair in Iosrael is ea Aisdeod. Is é an séú cathair is mó sa tír. Tá Aisdeod suite ar chósta na Meánmhara, leath an bhealaigh idir Tel Aviv agus Gaza. Is é Aisdeod an calafort is mó sa tír: Tagann 60% de na hearraí ó thar lear isteach tríd. Bhí cónaí ar 218,000 duine sa chathair sa bhliain 2014.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAisdeod
אַשְׁדּוֹד (he) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 31°47′52″N 34°39′01″E / 31.7978°N 34.6503°E / 31.7978; 34.6503
Stát ceannasachIosrael
Districts of Israel (en) AistrighSouthern District (en) Aistrigh
Subdistrict of Israel (en) AistrighAshkelon Subdistrict (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán220,174 (2015) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús4,660.56 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla47.242 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde24 m Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1956
Eagraíocht pholaitiúil
• Ceannaire an rialtaisYehiel Lasri (2008–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist77041, 77042, 77043, 77044, 77046, 77050, 77051, 77060, 77100, 77101, 77102, 77103, 77104, 77105, 77106, 77107, 77109, 77110, 77112, 77113, 77115, 77116, 77117, 77120, 77121, 77122, 77123, 77124, 77126, 77130, 77131, 77132, 77133, 77134, 77136, 77140, 77141, 77150, 77151, 77153, 77154, 77160, 77161, 77162, 77163, 77164, 77166, 77167, 77168, 77170, 77180, 77181, 77182, 77183 agus 77185 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód08 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinashdod.muni.il… Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

Chónaigh na Canánaigh san áit ina bhfuil Aisdeod inniu agus ina ndiaidh sin tháinig na Filistínigh. Bhí cúpla baile den chúig cinn a bhí acu san áit ina bhfuil an chathair anois. Bhí siad in achrann leis na Iúdáigh. De réir an Bhíobla, ghoid na Filistínigh Airc an Chonartha ó na Iúdáigh agus thug siad leo í go hAisdeod. Chuir siad an airc ansin i dteampall an Dé sin acu Dagon.

 
Aisdeod sa bhliain 1957

Pobal beag Arabach darbh ainm Isdud a bhí ann san 19ú haois agus ina dhiaidh sin go 1948. Sa bhliain 1945, bhí 4,620 Arabach agus 290 Giúdach ina gcónaí ar an mbaile, agus bhí roinnt kibbutz sa cheantar. Nuair a rinne na fórsaí Arabacha ionradh ar Iosrael sa bhliain chéanna, ghabh arm na Éigipte Isdud, an pointe ab fhaide ó thuaidh dar ghabh siad sa tír. Tharraing siad siar agus chuaigh an chuid ba mhó de na hArabaigh in éineacht leo. Chuir na hIosraelaigh ruaig ar na 300 Arabach a bhí fágtha.

 
Aisdeod, 2005

Sa bhliain 1956 bunaíodh an chathair nua-aimseartha nuair a cuireadh 22 teaghlach de theifigh Ghiúdacha ó Mharacó a chónaí ann. Cathair phleanáilte is ea Aisdeod. Sa bhliain 1968 rinneadh cathair di. Tar éis titim an chumannachais sa bhloc Sóivéadach sna luath 1990idí chuir a lán daoine on iar-Aontas Sóivéadach fúthu ann.

Geilleagar cuir in eagar

Cathair tionsclaíochta é Aisdeod. Ar fhiontair Aisdeod tá fuinneamh, scagadh peitriliaim, déantús gluaisteán agus líomhadh diamant. Tá Ela, comhlacht aerseoltóireachta lonnaithe in Aisdeod.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar