Bhí Aisha, nó Ā’ishah bint Abī Bakr[1] {عائشة بنت أبي بكر} (timpeall 613/614 – 678) i measc na mban céile a bhí ag Mahamad. Dar leis na Sunnaígh, bhí páirt thábhachtach aici i bhforbairt an sharia, mar dhuine de na príomhfhoinsí le aghaidh hadith[2][3][4] a dhearbhú (tuairiscí ar na focail, ar na gníomhartha agus ar an bhfaomhadh intuigthe trínar chuir Mahamad a chuid teagaisc maidir leis ceisteanna creidimh, moráltachta agus na sochaí in iúl, ... i dtuairim a lucht leanúna.)

Hazrat Ayesha
Infotaula de personaAisha

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ar) عائشة بنت أَبي بكر
Beathaisnéis
Breith614
Meice Cuir in eagar ar Wikidata
Básc. 13 Iúil 678
63/64 bliana d'aois
Medina Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaAl-Baqi' (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnIoslam
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata
Mac/iníon léinnTawus ibn Kaysan
Gairm mhíleata
CoinbhleachtFirst Fitna (en) Aistrigh
Teaghlach
CéileMahamad (620–632 (Féilire Ghréagóra)) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairAbu Bakr siddiq  agus Fatima bint Zaid (en) Aistrigh
SiblínAsmā' bint Abu Bakr, Umm Kulthum bint Abi Bakr, Abdu'l-Rahman ibn Abi Bakr, Muhammad Ibn Abî Bakr, Abd Allah ibn Abi Bakr agus Tufayl ibn al-Harith

I measc na Sunnaíoch, tá sé de cháil ar Aisha gur bhean fhiosrach léannta a bhí inti agus go raibh sí go mór i bhfabhar chearta na mban agus oideachas a thabhairt dóibh, go speisialta maidir leis an sharia agus gnéithe eile d'Ioslam.

Os a choinne sin, tá an-drochbharúil ag na Siaigh di, toisc gur chuir sí in aghaidh Ali; cuireann siad Fatima agus Aisha i gcodarsnacht le chéile, agus an dara bean thíos leis, agus níl iontaoibh acu aisti mar fhoinse d'ahadith[2].

Ina theannta sin, tá conspóid ann fós, i measc na Moslamach agus idir Moslamaigh agus neamh-Moslamaigh, maidir le cén aois a bhí Aisha nuair a phós sí Mahamad agus nuair a cuireadh an pósadh i gcrích (tá na meastacháin idir sé bliana agus naoi mbliana déag d'aois agus idir naoi mbliana agus naoi mbliana déag d'aois, faoi seach.)

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. nó Aisha bint Abi Bakr srl
  2. 2.0 2.1 "Hadith" (as en) (2021-06-28). Wikipedia. 
  3. ""hadith"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-07-15.
  4. Scoil Dlí, COBÁC (2018). "Aisha". Dáta rochtana: 2021.