Aistriúchán

an próiseas chun téacs a aistriú

Cumarsáid scríofa atá san aistriúchán ina dtiontaítear brí téacs as teanga amháin go teanga eile.[1][2]

  • Tugtar an teanga foinse ar an mbunteanga nó an teanga lena dtosaítear agus tugtar an sprioctheanga ar an teanga lena gcríochnaítear.
  • Tugtar aistritheoir ar an duine a dhéanann an t-aistriúchán agus bíonn eolas aige ar dhá theanga, ar a laghad, d'fhonn aistriúchán ar chaint nó ar théacs scríofa a tháirgeadh sa sprioctheanga. Ní hamháin go mbíonn tuiscint mhaith ar an téacs ag teastáil ón aistritheoir, bíonn sé riachtanach go mbeadh sé in ann leagan éifeachtach a chur ar fáil sa sprioctheanga a luíonn le nádúr na teanga sin.
  • Tugtar aistriúchán ar an bpróiseas ina ndéantar aistriúchán agus ar thoradh an phróisis sin freisin, sé sin an saothar a thagann as.

Bíonn an baol i gcónaí ann go dtabharfadh an t-aistritheoir struchtúr agus nathanna cainte na teanga foinse isteach leis sa sprioctheanga agus é ag aistriú téacs, sé sin go mbeadh traschur truaillithe ann.

Ar an taobh eile de, is féidir le focail agus nathanna iasachta cur go mór le teanga ar bith. I gcás mionteangacha moltar bheith cúramach gan an iomarca leaganacha iasachta a ligean isteach ar fhaitíos go mbáfaí an teanga ar fad i dtuile nathanna ón mórtheanga. Aistrítear go leor cineálacha téacs, idir theicniúil agus liteartha agus eile.

Mar gheall ar an mór-éileamh a bhí ann ar dhoiciméadú gnó de bharr Réabhlóid na Tionsclaíochta, a thosaigh i lár an 18ú haois, tháinig foirmiúlú agus speisialú ar cheird an aistriúcháin agus bunaíodh scoileanna tiomanta agus cumainn ghairmiúla.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Áine Ní Chonghaile (30 Meán Fómhair 2015). "7 moladh aistriúcháin duit Déan iad seo & beidh leat" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2022-09-30.
  2. NÓS (30 Meán Fómhair 2020). "LEABHAIR: Na haistriúcháin go Gaeilge is fearr a rinneadh" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2022-09-30.