Is aidiacht Gaeilge a dhéanann cur síos ar dhuine nach bhfuil heitrighnéasach é aiteach,[1] bunaithe ar an bhfocal queer i mBéarla.[2].

Póstaeir Queer Nation (Náisiún Aiteach)

Is seanfhocal queer sa 19ú haois go dtí lár na 20ú haois i mBéarla, maslach de ghnáth, nó 'piteogi' as Gaeilge.

Tháinig an téarma queer, nó aiteach, go mór chun cinn ó na 198oidí ar aghaidh agus brí nua air;[3][4] bíonn sainmhíniú leathan ag baint leis de ghnáth i.e. collaíocht neamhnormatach, nó gnéasachas a shnámhann i gcoinne easa an status quo.[5] Bíonn an téarma níos leithne ná 'aerach' agus bíonn daoine bródúil as a bheith aiteach inniu, agus meon dearfach ag baint leis de ghnáth.[6]

Úsáid an téarma Gaeilge “aiteach” ar líne 2015–2022

Téarmaí maslacha cuir in eagar

Masla do fhir (nó duine) bhaineanda is ea piteog. Tagann "piteog" ó "pit" (vulva).[7] Ní hamháin go ciallaíonn "piteog" baineanda, ciallaíonn "piteog" claonaíoch nó corr chomh maith, ar nós an seanfhocal queer as Béarla.[8]

Mar shampla, sa dán Baudelaire le Diarmuid Ó Gráinne, fiafraíonn Ó Gráinne "An diabhal tú a fhile / Nó aingeal a thit / An piteog de dhuine / An tú athair an Oilc?"[9]

Ciallaíonn "piteog" fear a bheadh ag déanamh obair mná freisin, de réir Pádraig S. Mac a' Ghoill.[10] Rinne William Carleton, scríbhneoir as Tír Eoghain, taifead ar an bhfocal "piteog" i 1830, agus tá an focal "piteog" iontach sean.[11]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Coiste na bhFocal Nua ar Twitter".
  2. "Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): ait".
  3. "Treochtaí Gaeilge".
  4. Méabh Ní Thuathaláin (21 Márta 2018). "An Chéad Fhoclóir Gaeilge LGBTQ seolta ag Aire Stáit na Gaeltachta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-07-30.
  5. Seán Mac Risteaird, Feasta 67 (10), lch. 10-11. http://www.feasta.ie 22 D.F. 2018
  6. Meadhbh Ní Eadhra (1 Iúil 2022). "Léiríonn Bród nach gá fanacht faoi cheilt…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-07-30.
  7. Ciaran Carson, "Tracking the Words," Fortnight 459 (May 2008): 18-19.
  8. Paul O'Mahoney, "The Use of 'Pishogue' in Ulysses: One of Joyce's Mistakes?," James Joyce Quarterly 47.3 (Spring 2010): 384-390.
  9. Diarmuid Ó Gráinne, "Baudelaire," Comhar 53.7 (Iúil 1994): 23.
  10. "piteog | Focail Fholaithe". focailfholaithe.fng.ie. Dáta rochtana: 2022-07-30.
  11. Liom Ó Dochartaigh, "An Spideog i Seanchas na hÉireann," Béaloideas 45/47 (1977-1979): 164-198.

Féach freisin cuir in eagar