Is sulfáit é an t-alúm, KAl(SO4)2·12 H2O, de ghnáth. Sulfáit photaisiam alúmanaim hiodráitithe a dtugtar alúm coiteann air. Tá alúim eile ann: alúm iarainn le Fe in ionad Al, agus alúm cróim le Cr in ionad Al. Déanann siad uile criostail mhóra ochtaihéidreacha. Hidrealaítear alúm coiteann in uisce go dtí Al(OH)3 agus baintear úsáid as mar théachtach in íonú uisce.[1]

WD Bosca Sonraí Comhdhúil CheimiceachAlúm

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachaicme struchtúrtha ian
Criostalghrafaíocht
Criostalghnásoctahedron (en) Aistrigh
Alúm

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Alúm". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 33.