Scoláire Ioslamach ab ea Al-Ghazali (R-A: /ælˈɡɑːzɑːli/, SAM: /ˌælɡəˈzɑːli, -zæl-/; ainm agus sloinne iomlán أَبُو حَامِدٍ مُحَمَّدُ بْنُ مُحَمَّدٍ ٱلطُّوسِيُّ ٱلْغَزَالِيُّ or ٱلْغَزَّالِيُّ, Abū Ḥāmid Muḥammad ibn Muḥammad aṭ-Ṭūsiyy al-Ġaz(z)ālīy; nó AlgazelusAlgazel; timpeall 1058 – 19 Nollaig 1111).

Infotaula de personaAl-Ghazali

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ar) أبو حامد محمد بن محمد الغزالي
Beathaisnéis
Breith1058
Tus Cuir in eagar ar Wikidata
Bás19 Nollaig 1111
52/53 bliana d'aois
Tus Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaMashhad Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnIoslam, an tIoslam Sunnaíoch, Sufaisteachas agus Ash'ari (en) Aistrigh
Áit chónaitheNishapur
Bagdad
An Damaisc
Iarúsailéim
Gníomhaíocht
Réimse oibreIslamic philosophy (en) Aistrigh, diagacht, Sufaisteachas, Ilm al-Kalam (en) Aistrigh agus Islamic ethics (en) Aistrigh
Suíomh oibre An tSiria Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmfealsamh, file, dlí-eolaí Ioslamach, journal editor (en) Aistrigh, diagaire, mutakallim (en) Aistrigh, dírbheathaisnéisí, iriseoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirAl-Nizamiyya Bhagdad Cuir in eagar ar Wikidata
Mac/iníon léinn de chuidAl-Juwayni agus Abū ‘Alī al-Fadl b. Muhammad al-Fāramidhī
Mac/iníon léinnAbu Bakr ibn al-Arabi
TeangachaAn Pheirsis agus an Araibis
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
SiblínAhmad Ghazali

Musicbrainz: ef044fbb-6db4-4ea3-a51c-b4aee33b288f Cuir in eagar ar Wikidata

Tá clú agus cáil ar fud an domhain ar al-Ghazali mar fhealsúnaí, scoláire agus mar dhiagaireMujaddid.[1] Bhí Al-Ghazali (mar a thugtar air go hiondúil) i measc na dlíodóirí is tábhachtaí chomh maith i stair de chuid na Peirse (an Iaráin inniu). Ba mhisteach Súfaíoch é chomh maith, cosúil le Rumi.

Al-Ghazali le Khalil Gibran, 1917

Saol cuir in eagar

 
Uaimh Al-Ghazali, i dTus nó "Tus"

Rugadh al-Ghazālī i Tus sa Pheirs (an Iaráin inniu).

Meastar go forleathan gurb é al-Ghazali an smaointeoir Ioslamach is údarásaí sa 12ú haois agus níos déanaí.[2]

Diagaire, fealsamh agus misteach, is fear aithne air as an ionsaí a rinne sé (go mór mór i 'Neamhréireacht na bhFealsúna') ar an úsáid a bhí á baint as fealsúnacht ársa na Gréige chun an diagacht Ioslamach a léiriú.

Is aithne ar al-Ghazali chomh maith as an iarracht a rinne sé chun an creideamh príomhshrutha agus an Súfaíochas a thabhairt le chéile.[2]

 
dírbheathaisnéis Al-Ghazali, AH 509 (AD 1115-1116).

Ina theannta sin, bhí al-Ghazali ina scoláire ar an dlí Ioslamach. Bhí sé ina bhall den ghluaiseacht Shafi'i,

Sa bhliain 1111 (Jumada Al-Thani 15, 505AH) a d'éag an scoláire, in aois 53 dó.

Fealsúnacht cuir in eagar

Ní féidir a shéanadh go raibh misean al Ghazali aspalda, geall leis, ar nós mhisean Kant na Gearmáine san ochtú haois déag. Ach tá difríocht shuntasach amháin, áfach, idir al-Ghazali agus Kant, a scríobh Gabriel Rosenstock. Nuair nár aimsigh al Ghazali dóchas ar bith sa smaointeoireacht anailíseach, tharraing sé an taithí mhisteach chuige féin agus fuair ábhar neamhspleách do reiligiún inti.[3] "Fiú má chuaigh al Ghazali ábhairín rófhada leis an sceipteachas fealsúnach, is é an t-éacht céanna a dhein sé i ndomhan Ioslam nuair a bhain sé an bonn den réasúnachas uaibhreach, ach tanaí, a bhí ag dul sa treo céanna is a chuaigh an réasúnachas sa Ghearmáin roimh Kant."

An réabhlóid sin, cuid mhaith, agus a stair phearsanta féin a thug ar al Ghazali reiligiún a bhunú ar sceipteachas fealsúnach — bonn neamhshábháilte le haghaidh reiligiúin agus bonn nach bhfuil ag teacht go hiomlán le spiorad an Córáin.

 
Al-Ghazali i gcallagrafaíocht Arabach

Tionchar cuir in eagar

Is mór an tionchar atá fós ag tuairimí al Ghazal ar go leor ábhar. Níltear ar aon intinn ar chuidigh an tionchar atá aige fós le bac a chur ar Ioslam déileáil mar is cuí le saol na haimsire seo agus leis an bpáirt atá ag na heolaíochtaí ann.[2]

Saothar cuir in eagar

  • Bunús an tSonais[4] (nó Ailceimic an tSonais)

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Mujaddid" (as en) (2022-11-28). Wikipedia. 
  2. 2.0 2.1 2.2 Scoil Dlí, COBÁC (2020). "Al-Ghazali" (ga). Facebook. Dáta rochtana: 2020-12-19.
  3. Gabriel Rosenstock (Feabhra 2009). "Léargas ar Ioslam" Feasta (62 (2), lch 23-25). 
  4. "The Alchemy of Happiness" (as en) (2022-11-30). Wikipedia.