Is ainm malartach é Albion don Bhreatain Mhór. Ní chloistear é go minic sa ghnáth-theanga, ach feictear fós é go fileata.

Tá ainm na hAlban fréamhaithe ó Albion sna teangach Ceilteacha beagnach uile: Alba as Gaeilge na hAlban ar ndóigh, Nalbin as Gaeilge Mhanann agus Alban as Breatnais agus Coirnis. Tógadh na hainmneacha seo sa Laidin isteach mar Albania agus sa Bhéarla mar Albany, a bhíodh féin ina n-ainmneacha malartacha ar Albain.

Léarscáil Tholamaes don Bhreatain agus Éirinn san Codex Vatopedinus, labelled Ἀλουΐων (Alouíōn, Albion) agus Ἰουερνία (Iouernía, Hibernia).

Sanasaíocht cuir in eagar

Tá an t-ainm Briotainice don oileán fréamhaithe ón bPrótai-Cheiltis *albi̯iū (fréamh srónach), agus tháinig sé sa Sean-Ghaeilge isteach mar Albu. Ar dtús, bhí oileán na Breataine go léir i gceist, ach de réir a chéile, tháinig srian ar an gciall, mar atá Caladón. Faightear an fhréamh *albiio- sa Ghaillis agus Ghalátais albio- ("domhan"), agus sa Bhreatnais elfydd ("domhainn, tír, ceantar"). D'fhéadfadh é go bhfuil sé gaolmhar leis na hAlpa agus an Albáin, nó an t-abhadhia Alpheus (le brí "scothbhán").

 
The White Cliffs of Dover may have given rise to the name Albion.

Tá dhá shanasaíocht ann, is amhlaidh:

  • d'fhéadfadh é go bhfuil sé fréamhaithe ón bPrót-Ind-Eorpais root *albho-, le brí "bán" (cf. SeanGhréigis ἀλφός, Laidin albus). ** Is tagairt é seo b'fhéidir dosna haillte bána in oirdheisceart an oileáin, sfheicthe ón mór-roinn.
    • Molann an teangeolaí Ceilteach Xavier Delamarre go mbeadh brí "an domhan thuas, oinfheithe", mar mhalart ar "an domhan thíos an t-alltar"
  • Mar mhalairt, d'fhéadfadh é go bhfuil sé fréamhaithe ón b[[Prót-Ind-Eorpais *alb-, le brí "cnoc".[1][2][3]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Celtic Culture, ABC–CLIO" (2006): 38–39. 
  2. Delamarre, Xavier (2003). "Dictionnaire de la langue gauloise": 37–38. Errance. 
  3. Ekwall, Eilert (1930). "Early names of Britain". Antiquity 4 (14): 149–156. doi:10.1017/S0003598X00004464.