Alessandro Baricco

scríbhneoir Iodálach

Is scríbhneoir mór le rá de chuid na hIodáile é Alessandro Baricco (Rugadh 25 Eanáir, 1958 in Torino, Piedmonte). Tá a chuid úrscéalta aistrithe i neart teangacha agus rath mór air go háirithe san Iodáil agus san Fhrainc. Tá cónaí air in Torino lena chailín agus a bheirt chlainne. Ag tús 2022 roinn sé leis an saol go bhfuil leoicéime air.

Infotaula de personaAlessandro Baricco

(2010) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith25 Eanáir 1958
66 bliana d'aois
Torino, An Iodáil Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Torino Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, úrscéalaí, scríbhneoir scripte, léirmheastóir liteartha, pearsa raidió, ceoleolaí, láithreoir teilifíse, drámadóir, iriseoir, stiúrthóir scannán Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirLa Repubblica Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Iodáilis
Saothar
Saothar suntasach
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0054621 Allocine: 139821 Allmovie: p272042
Facebook: AlessandroBariccoofficial Spotify: 2y36xhiTAdha9MEDLlQkx9 Last fm: Alessandro+Baricco Musicbrainz: 7aa33b80-8241-42af-994d-001527771e02 Songkick: 492886 Discogs: 444002 Allmusic: mn0002217545 Cuir in eagar ar Wikidata

Saol agus Saothar cuir in eagar

Tar éis dó céimeanna ollscoile a bhaint amach i bhfealsúnacht agus i gceol, scríobh sé altanna smaointiúla ar cheol: Il genio in fuga (1988) faoi Gioachino Rossini agus L'anima di Hegel e le mucche di Wisconsin (1992) faoin mbaint idir ceol agus an saol comhaimseartha. Ansin bhí sé ina léirmheastóir ceoil do La Repubblica agus La Stampa agus ina láithreoir de chlár ceoil ar Rai Tre.

Luigh sé isteach leis an scríbhneoireacht cruthaitheach ansin agus tá neart leabhar foilsithe aige ó shin, eatartha Síoda, Novecento agus Senza Sangue. Tá samhlaíocht, clisteacht agus comhbhá leis an duine daonna le braith ina chuid scríbhneoireachta agus in ainneoin gur úrscéalta cuíosach gearra atá scríte aige den chuid is mó, tá cumhacht litríochta ag baint leo.

Úrscéalta cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar