Alex Hijmans

scríbhneoir Gaeilge

Scríbhneoir, iriseoir agus craoltóir Gaeilge is ea Alex Hijmans, a rugadh agus a tógadh san Ísiltír.[1][2]

Infotaula de personaAlex Hijmans
Beathaisnéis
Breith1975
48/49 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirTuairisc.ie
Foinse
TG4
RTÉ Raidió na Gaeltachta Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Twitter: alexhijmans Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

Rugadh in Heemskerk na hÍsiltíre é sa bhliain 1975.

D'aistrigh Hijmans go Gaillimh sa bhliain 1995 chun Gaeilge a fhoghlaim mar chuid dá chéim sa Léann Ceiltigh in Ollscoil Utrecht. Tar éis dó an chéim a chríochnú, bhain sé an tArd-Dioplóma i gCumarsáid Fheidhmeach amach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus chuaigh le hiriseoireacht in Éirinn.

D'oibrigh Hijmans le Foinse, Raidió na Gaeltachta, RTÉ agus Nuacht TG4 ar feadh deich mbliana.

Ag deireadh na bliana 2007 chuaigh Hijmans chun na Brasaíle agus chaith leathbhliain ina chónaí in favela, bruachbhaile fíorbhocht ar imeall Salvador, an tríú cathair is mó sa tír. Sin is ábhar dá shaothar Favela (Cois Life, 2009) a ainmníodh ar an ngearrliosta de Ghradam Uí Shúilleabháin 2010, (Leabhar na Bliana do Dhaoine Fásta).[1]

Saothair cuir in eagar

D'aistrigh Hijmans Maistín (Cló Iar-Chonnachta, 2001), úrscéal do dhéagóirí, ó Ollainnis go Gaeilge. Scríobh sé dráma, Aingilín, a léiríodh i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh sa bhliain 2002.

Drámaíocht cuir in eagar

  • Aingilín

Aistriúchán cuir in eagar

  • Maistin

Leabhair cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 "ClubLeabhar.com". www.clubleabhar.com. Dáta rochtana: 2024-01-17.
  2. 2.0 2.1 2.2 Niall O. Laoghaire (2016-09-26). "Freagraíonn Alex Hijmans ceisteanna an phobail faoina leabhar nua" (ga-IE). Cló Iar-Chonnacht. Dáta rochtana: 2024-01-17.
  3. "Splancanna ó shaol eile" (ga-IE). Cló Iar-Chonnacht. Dáta rochtana: 2024-01-17.
  4. "An Tearmann" (en-US). Leabhar Breac. Dáta rochtana: 2024-01-17.
  5. "Idir dhá thír" (ga-IE). Cló Iar-Chonnacht. Dáta rochtana: 2024-01-17.
  6. Alex Hijmans (17 Eanáir 2024). "Ráigeanna báistí agus ráigeanna buinní" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-01-17.