Modh oibre nó liosta treoracha léire críochta socraithe go beacht, ionas go bhfaighfear réiteach nó toradh barrmhaith ar fhadhb choimpléascach má fheidhmítear iad céim ar chéim. Sampla is ea an tacar rialacha chun iolrú simplí a dhéanamh. Saghas oidis bheacht a bhíonn ann, agus úsáidtear an téarma i dtaca le cláir ríomhaire go hiondúil. I gclár mar seo, leagtar amach gach treoir san ord cuí. Má bhíonn fiú treoir amháin in easnamh, treoir breise ann, nó treoir san eagar mícheart, ní fiú tráithnín an clár.[1]

Algartam

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Algartam". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 32.