Scríbhneoir Meiriceánach is ea Alice Malsenior Walker a rugadh ar 9 Feabhra 1944). Scríobhann sí úrscéalta, gearrscéalta agus filíocht. Cuireadh fáilte faoi leith roimh a húrscéal The Color Purple (1982), agus bronnadh an National Book Award agus an Pulitzer Prize for Fiction uirthi.[1] Scríobh sí Meridian agus The Third Life of Grange Copeland, úrscéalta, freisin, i measc saothar eile léi.

Infotaula de personaAlice Walker

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Alice Malsenior Walker
9 Feabhra 1944
80 bliana d'aois
Eatonton, Georgia Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachMeiriceánaigh Afracacha
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Spelman (1961–)
Coláiste Sarah Lawrence - Baitsiléir Ealaíon (–1965)
Russell Sage College (en) Aistrigh - céim dochtúireachta Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Réimse oibreFilíocht agus aiste
Gairmscríbhneoir, scríbhneoir litríocht pháistí, gearrscéalaí, scríbhneoir scripte, ban-aisteoir, léiritheoir scannáin, oideoir, múinteoir ollscoile, file, gníomhaí ar son cearta sibhialta, úrscéalaí, scríbhneoir aistí, gníomhaí aeráide Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirColáiste Wellesley Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileMelvyn R. Leventhal (1967–1976), colscaradh Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíRobert L. Allen Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteRebecca Walker
 ( Melvyn R. Leventhal) Cuir in eagar ar Wikidata
Duine muintearthaReggie Watts (col ceathar) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Veu de Alice Walker (Béarla) Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh gréasáinalicewalkersgarden.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0907504 Allocine: 78119 TV.com: people/alice-walker IBDB: 398542
iTunes: 6930652 Musicbrainz: b44abb39-6b22-4267-b1d2-736ceeed1a3e Songkick: 3556551 Discogs: 434705 Cuir in eagar ar Wikidata

A luathshaol cuir in eagar

Rugadh Alice Walker i gContae Putnam, Georgia,ar 9 Feabhra 1944. Feirmeoir beag a bhí ina hathair. D'oibrigh a máthair 11 uair sa lá ar son $17 sa tseachtain mar shearbhónta chun íoc as a cuid ollscolaíochta. Chuaigh sí go Spelman College in Atlanta, Georgia, ar dtús, ansin go Sarah Lawrence College, mar ar bhain sí céim bhaitsiléara amach sa bhliain 1965.

Saothair Walker cuir in eagar

Sa bhliain 1982, foilsíodh an leabhar uaithi is fearr eolas air, The Color Purple. San úrscéal leanann an léitheoir bean óg ghorm bhuartha agus í ag streachailt chun a bealaigh a dhéanamh ní hamháin trí chultúr ciníoch na ndaoine geala ach trí chultúr patrarcach an phobail ghoirm chomh maith. Leabhar móréilimh a bhí ann agus sa bhliain 1985 cuireadh é in oiriúint mar scannán faoi stiúradh Steven Spielberg le hOprah Winfrey agus Whoopi Goldberg in dhá phríomhról. Cuireadh ar an stáitse Broadway mar léiriúchán ceolmhar sa bhliain 2005. Léiríodh é 910 uair.

A saol pearsanta cuir in eagar

Sa bhliain 1965, casadh ar Walker dlíodóir Giúdach cearta sibhialta darbh ainm Melvyn Rosenman Leventhal. Phós siad ar 17 Márta 1967, i gCathair Nua-Eabhrac. Chuir siad fúthu ní ba dhéanaí sa bhliain chéanna in Jackson, Mississippi, an chéad chúpla idirchiníoch dar phós go dleathach in Mississippi.[2][3] Chráigh agus bhagair daoine geala iad, an Ku Klux Klan san áireamh. Saolaíodh iníon acu, Rebecca, sa bhliain 1969. Fuair Walker agus a fear céile colscaradh sa bhliain 1976.[4]

Sna 1990idí, bhí caidreamh ag Walker le amhránaí-scríbhneoir Tracy Chapman:[5] "It was delicious and lovely and wonderful and I totally enjoyed it and I was completely in love with her but it was not anybody's business but ours," a dúirt sí.[5]


Tagairtí cuir in eagar

  1. "National Book Awards - 1983". National Book Foundation. Arna rochtain ar 15 Márta 2012. (With essays by Anna Clark and Tarayi Jones from the Awards 60-year anniversary blog.)
  2. "The day feminist icon Alice Walker resigned as my mother". Cartlannaíodh an bunleathanach ar May 11, 2008.
  3. "Inner Light in a Time of Darkness: A Conversation with Author and Poet Alice Walker". Democracy Now!. Cartlannaíodh an bunleathanach ar June 13, 2007.
  4. "Can I survive having a baby? Will I lose myself ...?".
  5. 5.0 5.1 "No retreat".

Naisc sheachtracha cuir in eagar