File Astrálach, drámadóir, úrscéalaí fantaisíochta agus leabhrógaí is ea Alison Croggon (rugadh 1962).[1]

Infotaula de personaAlison Croggon

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1962
61/62 bliana d'aois
Cúige Transvaal Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreFilíocht
Gairmfile, leabhrógaí, úrscéalaí, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinalisoncroggon.com Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: alisoncroggon Cuir in eagar ar Wikidata

Beatha agus saothar cuir in eagar

Rugadh Croggon i gCúige an Transvaal san Afraic Theas, agus d’aistrigh an teaghlach go Sasana roimh dóibh cur fúthu san Astráil, in Ballarat ar dtús agus ansin in Melbourne. Bhíodh Croggon ag obair mar iriseoir ag an Sydney Morning Herald.

Bhain an chéad chnuasach dánta aici, This is the Stone, Duais Anne Elder agus Duais Mary Gilmore. Thug breithiúna Dhuais Liteartha The Australian/Vogel moladh dá nóibhille Navigatio in 1995, agus foilsíodh ceithre úrscéal léi sa tsraith fantaisíochta Pellinor.

Tá sí ina heagarthóir ar an iris ar líne Masthead agus scríobhann sí léirmheasanna drámaíochta.

Tá leabhróga scríofa aici do cheoldrámaí le Michael Smetanin, Gauguin: A Synthetic Life agus The Burrow, saothair a léirigh Chamber Made den chéad uair ag an 2000 Melbourne Festival agus ag an Perth Festival faoi seach.[2] Scríobh sí leabhróg do cheoldráma le Iain Grandage, The Riders, agus í bunaithe ar úrscéal le Tim Winton, saothar a léiríodh in Melbourne in 2014.

Chuir na cumadóirí Michael Smetanin, Christine McCombe, Margaret Legge-Wilkinson agus Andrée Greenwell ceol le dánta léi. Léirigh an Melbourne Festival, The Red Shed Company (Adelaide) agus an ABC Radio drámaí léi.

Tá sí ina cónaí in Melbourne lena fear céile Daniel Keene, drámadóir, agus triúr clainne.

Sliocht cuir in eagar

Such possessions as gore me pontificate from corners.
I am no longer solid but a speech of butterflies.
How it spills, when all is said and done:
It is hard to see virtue in the cold matter
Staining the floor - frills, cups, leaves, arquebuses,
Bile - the gross litters of meaning - the new king
Knitting up this mess in his brainless sinews,
Mere presence the answer to everything, the golden
Halo of a new dawn impressing all the peasants.(Sliocht as “Sweet Prince”)

An mhaoin a stiallann mé déanann sí fógairt ó chúinní.
Níl tathag ionam a thuilleadh ach is caint féileacán mé.
Féach conas a dhéantar doirteadh tar éis an tsaoil:
Is deacair suáilce a aithint ar an ábhar fuar
A fhágann smál ar an urlár – rufaí, cupáin, duilleoga, arcabais,
Domlas – bruscar garbh na céille – an rí nua
Ag fí na praisí seo i bhféitheoga dobhránta,
É a bheith i láthair, sin an leigheas ar gach rud, loinnir
Órga na camhaoire úire ag dalladh na comóntachta.

Saothair cuir in eagar

Filíocht cuir in eagar

  • "This is the Stone" (1991). Penguin Books Australia. 
  • "The Blue Gate" (1997). Black Pepper Press. 
  • "Mnemosyne" (2001). Wild Honey Press. 
  • "Attempts at Being" (2002). Salt Publishing.  sliocht
  • "The Common Flesh: Poems 1980-2002" (2003). Arc. 
  • "November Burning" (2004). Vagabond. 
  • "Ash" (1999). Cusp Books. 
  • "New and Selected Poems 1991-2017" (2017). Newport Street Books. 
  • "Theatre" (1985). Salt Publishing. 

Nóibhille cuir in eagar

  • "Navigatio" (1996). Black Pepper. 

Úrscéalta fantaisíochta cuir in eagar

The Books of Pellinor cuir in eagar

  • "The Gift" (2003). Penguin.  (Published in the US as The Naming (Candlewick Press, ISBN 0-7636-2639-2)
  • "The Riddle" (2004). Penguin. 
  • "The Crow" (2006). Penguin. 
  • "The Singing" (2008). Penguin. 
  • "The Bone Queen" (2016). Candlewick. 

Úrscéal aonair cuir in eagar

  • "Black Spring" (2012). Walter Books. 

Leabhróga cuir in eagar

  • (1995) The Burrow, ISBN 0-949697-25-7
  • (2000) Gauguin (a synthetic life)
  • (2014) The Riders

Nótaí cuir in eagar

  1. Biography Curtha i gcartlann 2020-01-28 ar an Wayback Machine (Suíomh an údair)
  2. "Artist Profile: Alison Croggon". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 28 September 2007.

Naisc sheachtracha cuir in eagar