Cathair atá suite i dtuaisceart na hÍsiltíre is ea Alkmaar, agus é nasctha le hAmstardam trí Rijksweg 9 (mórbhealach an A9). Sa bhliain 2007 bhí 94,216 duine ina gcónaí sa chathair. Tá clú agus cáil ar fud an domhain ar mhargadh cáise traidisiúnta Alkmaar.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAlkmaar
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 52°37′44″N 4°44′39″E / 52.6289°N 4.74403°E / 52.6289; 4.74403
Stát ceannasachRíocht na hÍsiltíre
Country of the Kingdom of the Netherlands (en) Aistrighan Ísiltír
Province of the Netherlands (en) AistrighAn Ollainn Thuaidh Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairAlkmaar Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán109,896 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús3,520.05 hab./km²
Líon na dteaghlach50,002 (2015) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla31.22 km² Cuir in eagar ar Wikidata
• Uisce6.21 % Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceNoordhollandsch Kanaal (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Airde1 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Eachtra thábhachtach
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist1800–1831 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód072 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinalkmaar.nl Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: gemeenteAlkmaar Twitter: gemeentealkmaar Instagram: gem_alkmaar LinkedIn: gemeente-alkmaar Cuir in eagar ar Wikidata

Turasóireacht cuir in eagar

 
Margadh cáise

Is díol spéise do thurasóirí é margadh cáise na cathrach, lonnaithe ag an Waagplein. Is éard atá sa Waagplein ná cearnóg taobh amuigh den "Waag", nó an teach meáite, ait inar ndéanadh gach saghas ábhar (cáis ach go háirithe) a mheá. Go traidisiúnta, bíonn an margadh ar siúl ar an gcéad Aoine in Aibreán, agus bíonn margadh deireanach an tséasúir ann ar an gcéad Aoine de Mheán Fómhair. Ní fíormhargadh é, ach taispeántas a léiríonn seantraidisiún na cáiseoireachta, mar a bhí fadó in Alkmaar. Deanann sé ceiliúradh ar cháis thraidisiunta an réigiúin. Ní féidir cáis a cheannach ag an margadh féin, ach bíonn seastáin go flúirseach ina thimpeall, áit ar féidir an uile ní a cheannach, idir cáis agus cuimhneacháin.

Tá oifig turasóireachta na cathrach lonnaithe sa Waag, chomh maith le hiarsmalann cáise. Ina theannta sin, tá dhá amharclanna, pictiúrlann mhór, agus iarsmalanna éagsúla eile sa chathair (iarsmalann bheorach agus ceann eile go hiomlán bunaithe ar an ngrúpa "The Beatles" ina measc). Ó thaobh siamsaíochta oíche de, ta an t-uafás tithe tábhairne lonnaithe mórthimpeall ar an Waag.

Naisc Sheachtracha cuir in eagar

Suíomh oifigiúil Alkmaar