Sa cheimic, tá speiceas amfaiteireach má tá sé in ann imoibríú mar aigéad agus freisin mar bhonn. Sampla is ea hiodrocsaíd alúmanain, Al(OH)3, a chruthaíonn salainn Al3+ in aigéad is salainn AlO2- in alcaileach. Tagann an focal ón bhfocal Gréigise 'amphoteroi' (ἀμφότεροι) a chiallaíonn "an dá". Cruthaíonn go leor miotal (mar shampla, sinc, stán, luaidhe, alúmanam, agus beirilliam) agus an chuid is mó de na miotalóidigh ocsaídí nó hiodrocsaídí amfaiteireacha. Braitheann an amfaiteireacht ar staid ocsaídiúcháin na hocsaíde.

Speiceas amfaiteireach ar leith is ea na móilíní amfaprótónacha, gur féidir leo prótón (H +) a bhronnadh nó a ghlacadh). I measc na samplaí seo tá na haimíonaigéid agus na próitéiní, a bhfuil grúpaí aimín agus aigéad carbocsaileacha, agus comhdhúile féin-ianú ar nós uisce agus amóinia.

Is éard is amfailítí ná móilíní amfaiteireacha ar a bhfuil dísghrúpa, cinn aigéadacha agus cinn bunata agus bíonn siad ann den chuid is mó mar svitiriain i réimse áirithe de pH. Tugtar an pointe isileictreach ar an pH ag a bhfuil an meánlucht an móilín a náid. Úsáidtear amfailítí chun teacht ar ghrádán pH cobhsaí le húsáid i bhfócasú isoelectric.