Tír in oirdheisceart na hEorpa is ea Poblacht na hAlbáine go foirmiúil (as Albáinis Republika e ShqipërisëShqipëria). Tá daonra 3.03. mhilliúin aici. Is í Tiorána (TiranëTirana as Albáinis) an phríomhchathair agus an chathair is mó.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Albáin
Republika e Shqipërisë (sq)
Αλβανία (el) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnHymni i Flamurit Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«You Albania, give me honour, give me the name Albanian (en) Aistrigh» Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 41°N 20°E / 41°N 20°E / 41; 20

PríomhchathairTiorána Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán2,793,592 (2022) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús97.18 hab./km²
DéamainmAlbánach Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga oifigiúilan Albáinis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deOirdheisceart na hEorpa Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla28,748 km² Cuir in eagar ar Wikidata
• Uisce5.7 % Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceMuir Aidriad agus An Mheánmhuir Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeKorab (en) Aistrigh (2,764 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleMuir Aidriad (0 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síPeople's Socialist Republic of Albania (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú28 Samhain 1912
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaiscóras parlaiminteach Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachParlaimint na hAlbáine Cuir in eagar ar Wikidata
• Uachtarán na hAlbáine Cuir in eagar ar WikidataIlir Meta (2017–) Cuir in eagar ar Wikidata
• Príomh-Aire na hAlbáine Cuir in eagar ar WikidataEdi Rama Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil17,930,565,119 $ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
Airgeadralek na hAlbáine Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.al Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+355 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála112, 127, 128 agus 129 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreAL Cuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSAL Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinkryeministria.al… Cuir in eagar ar Wikidata
Trá Gjipe
Loch Shkopeti
Vajzë, Selenicë

Tíreolaíocht cuir in eagar

Tá an Albáin suite in iardheisceart Leithinis na mBalcán. Tá teorainneacha aici le Montainéagró (siar ó thuaidh), an Chosaiv (soir ó thuaidh), An Mhacadóin Thuaidh (soir) agus an Ghréig (ó dheas agus siar ó dheas). Tá imeallbhord aici ar chladach Thuaidh na Meánmhara, Muir Aidriad (siar) agus an Muir Iónach (siar ó dheas), áit a thosaíonn Riviera na hAlbáine. Tá an Albáin níos lú na 72km ón Iodáil, thar Caolas Otranto, a nascann Muir Aidriad leis an Muir Iónach.

 
Tirana
 
an deachtóir, Enver Hoxha, 1969

Tá dhá chontae déag san Albáin:

Stair cuir in eagar

 
Páirtí Daonlathach

Fuaireadar a saoirse ón réimeas Otamán tar éis na gcianta cairbreacha timpeall an ama chéanna a bhain ‘Éire’ saoirse amach, sna 1920idí.[1]

Ghabh trúpaí na hIodáile agus na Gearmáine seilbh ar an Albáin le linn an Dara Cogadh Domhanda.

1944-1991 cuir in eagar

Chuir na Cumannaigh in aghaidh na Naitsithe, agus bhí Enver Hoxha i mbun na frithbheartaíochta. Shaor siad an tír sa bhliain 1994. Rinneadh stát Stailíneach den tír ina dhiaidh sin.

 
Dúnáin (buncar) de chuid ré Hoxha i ngach áit timpeall na tíre, ar eagla na heagla
 
riosca seismeach sa tír (Kulla C, Kalaja e Durrësit)

Bhí muintir na hAlbáine breis is daichead bliain faoi dhaorsmacht an deachtóra Enver Hoxha, ceannaire a d’imir an lámh láidir ar gach mac máthar acu. Bhí Hoxha mar Ard-Rúnaí ar an PPSH, Páirtí Oibre na hAlbáine, páirtí cumannach agus an t-aon pháirtí dlíthiúil sa tír.

Bhí an Albáin ar cheann de na tíortha cumannacha ba mheasa as ó thaobh easpa saoirse an duine de réir tuairiscí. Meastar gur cuireadh suas le fiche a cúig míle duine chun báis go héagórach le linn réimeas Hoxha.[1] Chun an tír a chosaint ó ionradh, thóg an rialtas 750,000 buncar no dúnán, creid nó ná creid agus atá le feiceáil fós timpeall na tíre.

Nuair a cailleadh an deachtóir úd i 1985, thapaigh Páirtí Daonlathach an deis ‘daonlathas’ a thriail tráth go raibh tíortha eile sa réigiún ag briseadh slabhraí an Chumannachais. Tháinig sé i gcumhacht sa bhliain 1992.

 
Rince Gorani

1992 ar aghaidh cuir in eagar

Is ag stracadh leis an saol atá na hAlbánaigh bhochta riamh ó shin. Caimiléireacht is cíor thuathail go fairsing is iad ag iomrascáil le réalachas an tsaoil tar éis blianta fada daorsmachta.

Rinne crith talún drochdhíobháil don dtír in 2019. Measadh go raibh 10,000 duine a buaileadh sa chrith sin fós gan dídean cheart sa bhliain 2023.

Bhuail an galar Covid go tréan an Albáin, gan aon chabhair ná fóirithint cheart ag na hAlbánaigh ó údaráis na tíre.[1]

Teangacha cuir in eagar

I 2011 bhí Albáinis mar mháthairtheanga do 99% de dhaonra an Albáin.

Éire agus an Albáin cuir in eagar

Measadh go raibh dhá mhíle Albánach ina chónaí in Éirinn sa bhliain 2022.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 Seosaimhín Ní Bheaglaoich (7 Samhain 2023). "TUAIRISC ÓN ALBÁIN: Tá a ndóthain de chruatan an tsaoil fulaingthe ag na hAlbánaigh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-11-07.