Is í an Bhalúcastáin an cúige is mó de réir limistéar geografach sa Phacastáin, a chomhdhéanann thart ar 48% d'achar iomlán na tíre, sé sin, 40% den tír. Thug an daonáireamh sa bhliain 1998 le fios go raibh daonra de thart ar 6.5 milliún aici. Tá an Bhalúcastáin níos boichte agus tá a dhaonra níos ísle ná an chuid eile den Phacastáin.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Bhalúcastáin
بلوچِستان (bcc) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 30°07′N 67°01′E / 30.12°N 67.01°E / 30.12; 67.01
Stát ceannasachan Phacastáin Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairQuetta Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán13,162,222 (2014) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús37.91 hab./km²
Tíreolaíocht
Cuid dean Phacastáin Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla347,190 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú1 Iúil 1970
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht feidhmiúcháinRialtas na Balúcastáine` Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachProvincial Assembly of Balochistan (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• Gobharnóir na Balúcastáine Cuir in eagar ar WikidataMuhammad Khan Achakzai (2013–) Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
Airgeadrarúipí na Pacastáine Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Cód ISO 3166-2PK-BA Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinbalochistan.gov.pk Cuir in eagar ar Wikidata

San iarthar, tá teorainn aici leis an Iaráin, sa tuaisceart leis an Afganastáin agus leis an Sarhad (Béarla: The North-West Frontier Province), san oirthear le Puinseáb agus leis an Sind. Ó dheas tá teorainn aici leis an Mhuir Arabach.

Is iad na teangacha is mó sa chúige ná an Bhalúcais(بلوچی), an Bhrahuis(بروہی), an Phaistis( پښتو) agus an tSindis(سنڌي ).

Is í Quetta (Paistis: ,کوټه Urdúis: کوئٹہ) a príomhchathair agus an t-aonú cathair atá aici, tá a bhailte agus a sráidbhailte eile tearcfhorbartha.

Is iad na Balúchaigh agus na Paistigh an dá ghrúpa eitneach is mór; tá an tríú grúpa ann freisin, grúpa eitneach atá measctha, is Sindigh iad den chuid is mó.

Geilleagar cuir in eagar

Tá an Bhalúchistáin saibhir in acmhainní mianraí; is é an dara soláthraí is mór, i ndiaidh na Sinde, de gháis nádúrtha.