An Córas Sláinte i gCúba

Tá córas náisiúnta sláinte i gCúba a ritheann an rialtas agus is iad a ghlacann na cúraimí aigeadais agus riaracháin orthu féin. Níl aon otharlanna príobháideacha nó clinicí príobháideach ann i ngeall air seo. Maíonn roinnt gur feabhas a tháinig ar chúrsaí ó thaobh galar agus ráta bámhaireachta naoíonán ó na 1960dí i leith. Cosúil leis an gcuid eile de gheilleagar Chúba, d'fhulaing an cúram leighis nuair a tháinig deireadh le fóirdheontais Aontas na Sóivéide sa bhliain 1991 agus méadú ar thrádbhac SAM in éadan na tíre. Tá ráta ionchais saoil ard don cheantar ina bhfuil Cúba, mhair an duine go 78.05 bliain d'aois ar an meán i mblianta an 2000.