Inbhear in Éirinn is ea é an Caoláire Rua.[1] Tá sé ar cheann de na trí inbhear in Éirinn den chineál a dtugann na geolaithe fiord orthu, in éindí le Loch Súilí agus Loch Cairlinn. Creideann cuid acu gurbh iad na hoighearshruthanna san Oighearaois a ghearr é, cé go bhfuil an dá bh'fhéidir ann. Is é an Caoláire an teorainn nádúrtha idir Contae na Gaillimhe agus Contae Mhaigh Eo. Tá sé sé chiliméadar déag ar fad agus, sa lár, tá an t-uisce ansin breis is cúig mhéadar is dhá scór ar doimhneacht.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachAn Caoláire Rua
Íomhá
Cineál Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deAn tAigéan Atlantach Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie1165628 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53°37′N 9°48′W / 53.62°N 9.8°W / 53.62; -9.8

Tá Cnoc Maol Réidh, agus é ocht gcéad seacht méadar déag ar airde, suite ar an gcladach thuaidh. Trasna an Chaoláire uaidh atá an Ros Rua agus brú Óige atá as úsáid inniu. Tá clú áirithe ar an bhfoirgneamh. I dtús báire, ní raibh ann ach teach beag tuaithe, ach b'ansin a bhí cónaí ar Ludwig Wittgenstein, an fealsamh Ostarach, ó theastaigh áit chiúin uaidh díreach i ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda. Nocht an tUachtarán Máire Mhic Róibín plaic cuimhneacháin san áit sa bhliain 1993 leis an tréimhse a cheiliúradh a chaith Wittgenstein anseo.

Ritheann an Bóthar Glas in aice leis an gCaoláire Rua, bóthar a gearradh i mblianta an Drochshaoil, nuair a fuair lucht an ocrais rilíf ó na húdaráis má bhí siad sásta obair den chineál seo a dhéanamh. Ritheann an bóthar naoi gciliméadar síos an t-inbhear ón Líonán.

  1. An Caoláire Rua/Killary Harbour | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.