Ar an 21 Eanáir 1919, tháinig ionadaithe tofa Shinn Féin le chéile leis an gCéad Dáil a chur ar siúl. D'fhógair siad “Poblacht na hÉireann” i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAn Chéad Dáil
Cineáltéarma reachtach Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht21 Eanáir 1919 - 10 Bealtaine 1921
SuíomhBaile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
TírPoblacht na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata


An Chéad Dáil ag bailiú le chéile i dTeach an Ardmhéara, Baile Átha Cliath ar 21 Eanáir, 1919.
Forógra Neamhspleáchais na hÉireann

Cúlra cuir in eagar

Ba í an Chéad Dáil parlaimint Éireannach nua a bunaíodh i mBaile Átha Cliath, Poblacht na hÉireann sa bhliain 1919. Ag an am, ba pháirt den Ríocht Aontaithe í an tír, agus shuigh na polaiteoirí i Westminster, Sasana. Ach tar éis Éirí Amach na Cásca in 1916, bhí a lán tacaíochta ag an bpáirtí poblachtach Sinn Féin, agus bhunaigh siad a bparlaimint nua féin in Éirinn leis an ainm "Dáil Éireann".

Cruinniú i dTeach an Ardmhéara cuir in eagar

Ag an chéad chruinniú ar an 21 Eanáir, eisíodh Faisnéis Neamhspleádhchuis, nó Forógra Neamhspleáchais na hÉireann, mar a ghlaoitear air anois, ag rá go raibh Poblacht na hÉireann i bhfeidhm.

Bhí a lán de na hionaid Éireannacha fós i bpríosún, agus dá bharr ní raibh ach 26 díobh i láthair.

Bhí an chéad chruinniú i dTeach an Ardmhéara, agus rinneadh an chuid is mó den ghnó i nGaeilge. Toghadh Cathal Brugha ina Cheann Comhairle (nó cathaoirleach) agus cuireadh cúpla cáipéis i láthair:

  • Bunreacht Dála Éireann - bunreacht gearr agus sealadach
  • Faisnéis Neamhspleádhchuis
  • Scéal Ó Dháil Éireann Chun Saor-Náisiúin an Domhain
  • Clár Oibre Poblacánaighe

Dhearbhaigh an Forógra Neamhspleáchais gurb rialtas ar stát ardcheannasach í an Dáil leis an ainm Dáil Éireann, agus ansin bhunaigh an Dáil comhaireacht faoin ainm "An Aireacht". Chomh maith le sin, roghnaíodh duine amháin a bheith ina "Phríomh-Aire" agus leis an teideal "Uachtarán ar Dháil Éireann" freisin. Ba é Brugha an príomh-aire sealadach a toghadh, agus tháinig de Valera isteach ina áit i mí Aibreáin.

Imeachtaí eile cuir in eagar

Briseadh amach Cogadh Angla-Éireannach ar an lá céanna, 21 Eanáir 1919. Rinne cathlán de chuid an IRA (baill de Thríú Briogáid Thiobráid Árann) luíochán ar bheirt chonstábla RIC ag Sulchóid Bheag i dTiobráid Árann. Breathnaítear ar an ionsaí mar thús oifigiúil le Cogadh Saoirse na hÉireann nó an Cogadh Angla-Éireannach

I mí na Samhna 1919, dhearbhaigh Rialtas na Breataine go raibh an Dáil mí-dhleathach agus ó shin ar aghaidh bhí orthu teacht le chéile faoi rún.

Rialtas na chéad Dála cuir in eagar

Aireacht a haon (sealadach) cuir in eagar

Bhí an chéad aireacht i bhfeidhm ó 21 Eanáir 1919 go dtí 1 Aibreán 1919.

Oifig Páirtí Ainm
Príomh-Aire Sinn Féin Cathal Brugha
Aire Airgeadais Sinn Féin Eoin Mac Néill
Aire Gnóthaí Baile Sinn Féin Mícheál Ó Coileáin
Aire Gnóthaí Eachtracha Sinn Féin An Cunta Pluincéad
Aire Cosanta Náisiúnta Sinn Féin Risteard Ó Maolchatha

Aireacht a dó (sealadach) cuir in eagar

Bhí an dara haireacht i bhfeidhm ó 1 Aibreán 1919 go dtí 26 Lúnasa 1921.

Oifig Páirtí Ainm
Príomh-Aire Sinn Féin Éamon de Valera
Aire Airgeadais Sinn Féin Mícheál Ó Coileáin
Aire Gnóthaí Baile Sinn Féin Art Ó Gríofa
Aire Gnóthaí Eachtracha Sinn Féin An Cunta Pluincéad
Aire Cosanta Sinn Féin Cathal Brugha
Aire Saothair Sinn Féin Constance Markievicz
Aire Tionscail Sinn Féin Eoin Mac Néill
Aire Rialtais Áitiúil Sinn Féin Liam Tomás Mac Cosgair
Aire Ghaeilge Sinn Féin Seán T. Ó Ceallaigh

Airí nach raibh san aireacht cuir in eagar

Oifig Páirtí Ainm
Stiúrthóir Talmhaíochta Sinn Féin Riobárd Bartún
Aire Iascaigh Sinn Féin Seán Eichingeam
Aire Bolscaireachta Sinn Féin Labhrás Mag Fhionnail
Aire Trádala agus Tráchtála Sinn Féin Earnán de Blaghd

Baill shuntasacha cuir in eagar