An Cholóim

Tír i Meiriceá Theas

Is tír i Meiriceá Theas í An Cholóim, le cóstaí ar an Aigéan Ciúin is ar an Aigéan Atlantach.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Cholóim
Colombia (es) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnHimno nacional de Colombia Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Libertad y Orden»
«Freedom and Order»
«Свобода и ред»
«Colombia is magical realism»
«Wolność i porządek»
«Liberdade e orde» Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósCriostóir Colambas Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 4°00′N 73°15′W / 4°N 73.25°W / 4; -73.25

PríomhchathairBogotá Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán49,065,615 (2017) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús42.97 hab./km²
Teanga oifigiúilan Spáinnis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deMeiriceá Laidineach
Meiriceá Easpáinneach
Meiriceá Theas
Ibéir-Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla1,141,748 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde223 m Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdePico Cristóbal Colón (en) Aistrigh (5,775 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleAn tAigéan Ciúin (0 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síUnited States of Colombia (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú1810
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaispoblacht Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháinRialtas na Colóime Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachComhdháil na Colóime Cuir in eagar ar Wikidata
• Uachtarán na Colóime Cuir in eagar ar WikidataGustavo Petro Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil318,511,813,577 $ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
Airgeadrapeso na Colóime Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.co Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+57 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála123 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreCO Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáingov.co Cuir in eagar ar Wikidata

Tá teorainneacha aici le Veiniséala, leis an mBrasaíl, le Peiriú, le Eacuadór agus le Panama. Is í Bogotá an phríomhchathair. Tá 49 milliún duine ina gcónaí ann.

Stair cuir in eagar

Bhí cogadh cathartha ar siúl sa Cholóim idir an eite dheis agus na reibiliúnaigh, ar a nglaoitear FARC (Fuerzas Armadas Revolucionarias de Colombia nó Fórsaí Armtha Réabhlóideacha na Colóime). Le breis is 50 bliain bhí FARC i mbun eachtraí foréigin sa tír agus d'fhág an chogaíocht ansin breis is 250,000 duine marbh[1].

Bhí an eite dheis ar thaobh an rialtais agus na reibiliúnaigh ar an eite chlé. Thacaigh rialtas SAM leis an eite dheis, i gcogadh i gcoinne na ndrugaí.

2002-2010 cuir in eagar

Nuair a toghadh Alvaro Uribe i réim i 2002, bhí an tír ar tí titim as a chéile[2]. Bhí greim docht ag na treallchogaithe FARC ar chuid den tír agus bhí siad díreach tar éis ceann dá n-éachtaí ba mhó a bhaint amach: fuadach Ingrid Betancourt, duine de na hiarrthóirí sa toghchán uachtaránachta a bhuaigh Uribe.

Le cúnamh Meiriceánach faoin bPlean Colómach, thug Uribe faoin FARC, go díreach dá mba chrosáid phearsanta í, rud nach ionadh é toisc gur mharaigh an FARC a athair tar éis gur theip ar fhuadach i 1983.

2010 cuir in eagar

I mí na Bealtaine 2010, críochnóidh Alvaro Uribe a dhara téarma mar uachtarán na Colóime. Toghadh Juan Manuel Santos ina uachtarán na Colóime don chéad uair ar 7 Lúnasa 2010. Bhí polasaí níos séimhe ag teastáil ó mhuintir na tíre ag an am sin, rud a thóg an FARC isteach sa phróiseas polaitiúil.

2016 cuir in eagar

Fógraíodh sos comhraic ina measc siúd a bhí i mbun cogaíochta sa bhliain 2016.

Bronnadh Duais Nobel na Síochána na bliana 2016 ar Uachtarán na Colóime Juan Manuel Santos dá iarrachtaí siúd an tsíocháin a chothú.

2 D.F. 2016: Vótáil móramh de phobal na tíre in aghaidh an chomhaontaithe síochána a bhí socraithe idir rialtas na tíre sin agus reibiliúnaigh an FARC[3]. Móramh beag a bhí i gceist.

IRA cuir in eagar

Bhí triúr Éireannach a bhfuil ceangal acu leis an IRA ciontaithe i gcúirt sa Cholóim as tacú leis an FARC. Thréig siad an tír. Tugtar Triúr na Colóime orthu in Éirinn.

Ranna cuir in eagar

Tá an Cholóim roinnte i 32 Ranna agus Dúiche Príomhchathrach atá mar aon le roinn, cé go bhfuil Bogotá mar phríomhchathair roinne Cundinamarca.

Tá na Ranna roinnte ina dhiaidh sin i mbardais, agus ina dhiaidh sin i corregimientos in áiteanna faoin tuath, agus comunas i gceirtleáin uirbeach. Tá rialtas áitiúil ag gach roinn le gobharnóir agus tionól, a toghfar gach ceithre bliana. Tá méara agus comhairle ag gach bardas freisin agus toghcháin áitiúil don bhord riaracháin áitiúil i ngach corregimientos agus comunas.

Chomh maith leis an bpríomhchathair, tá stádas áirithe ag ceithre dúiche eile, de bharr gnéithe sainiúil áirithe; sé sin Barranquilla, Cartagena, Santa Marta agus Buenaventura.

 
Na 32 Roinn (Departamentos) maille leis an gCeantar Feidearálach (Distrito Federal) sa Cholóim
Roinn Príomchathair
1   Amazonas Leticia
2   Antioquia Medellín
3   Arauca Arauca
4   Atlántico Barranquilla
5   Bolívar Cartagena
6   Boyacá Tunja
7   Caldas Manizales
8   Caquetá Florencia
9   Casanare Yopal
10   Cauca Popayán
11   Cesar Valledupar
12   Chocó Quibdó
13   Córdoba Montería
14   Cundinamarca Bogotá
15   Guainía Inírida
16   Guaviare San José del Guaviare
17   Huila Neiva
Roinn Príomchathair
18   La Guajira Riohacha
19   Magdalena Santa Marta
20   Meta Villavicencio
21   Nariño Pasto
22   Norte de Santander Cúcuta
23   Putumayo Mocoa
24   Quindío Armenia
25   Risaralda Pereira
26   San Andrés, Providencia
agus Santa Catalina
San Andrés
27   Santander Bucaramanga
28   Sucre Sincelejo
29   Tolima Ibagué
30   Valle del Cauca Cali
31   Vaupés Mitú
32   Vichada Puerto Carreño
33   Bogotá Bogotá



Cathracha agus Bailte cuir in eagar

Is tír uirbithe í an Cholóim; tá 77.1% den daonra sa bhliain 2018 ina chónaí i limistéar uirbithe. Is iad Bogotá (7,387,400), Medellín, (2,382,399) agus Cali, (2,172,527) na cathracha is mó agus is tábhachtach sa tír.[4]


Cathracha is mó sa Cholóim

 
Bogotá
 
Medellín
 
Cali

Cathair Roinn Daonra Cathair Roinn Daonra

 
Barranquilla
 
Cartagena
 
Cúcuta

1   Bogotá Cundinamarca 7,715,778   11   Villavicencio Meta 531,275
2   Medellín Antioquia 2,490,164   12   Ibagué Tolima 501,991
3   Cali Valle del Cauca 2,205,680   13   Santa Marta Magdalena 484,025
4   Barranquilla Atlántico 1,273,646   14   Valledupar Cesar 468,165
5   Cartagena de Indias Bolívar 914,552   15   Manizales Caldas 420,933
6   Cúcuta Norte de Santander 777,106   16   Pereira Risaralda 399,283
7   Soledad Atlántico 664,141   17   Montería Córdoba 395,184
8   Bucaramanga Santander 597,316   18   Neiva Huila 340,512
9   Soacha Cundinamarca 567,546   19   Pasto Nariño 305,360
10   Bello Antioquia 536,427   20   Armenia Quindío 297,052
2020 - DANE

Tagairtí cuir in eagar

  1. Nuacht RTÉ
  2. Cruachás na Colóime, Irish TImes, 16 Meitheamh 2009
  3. Nuacht RTÉ
  4. dane gov.co. "Censo 2018". Dáta rochtana: 2020.


Tíortha Mheiriceá Theas
Airgintín, an | Bholaiv, an | Bhrasaíl, an | Cholóim, an | Eacuadór | Ghuáin, an | Paragua | Peiriú | tSile, an | Suranam | Uragua | Veiniséala