Líne shamhalta ar dhromchla an Domhain is ea an Ciorcal Artach, ag domhanleithead 66° 30' ó thuaidh a bheag nó a mhór (tá an Pol Thuaidh ag 90°T).[1] Is é an Ciorcal Artach an domhanleithead is faide ó dheas a fheictear "grian an mheán oíche", is é sin an áit ina mbíonn 24 uair solas na gréine i rith an tsamhraidh ar feadh lá amháin (agus 24 uair gan stad dorchadas i rith an gheimhridh).[2][1]

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Ciorcal Artach

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Tíreolaíocht
Tomhas15,984.36 km Cuir in eagar ar Wikidata  default (Llargada
Claonadh an domhain agus na ciorcail pholacha

Bogann an Ciorcal Artach; faoi láthair tá an Ciorcal ag bogadh ó thuaidh 15m gach bhliain.

Seo iad na tíortha ina bhfuil cuid den chiorcal suite iontu: Ceanada, Na Stáit Aontaithe (Alasca), An Rúis, An tSualainn, An Iorua, An Fhionlainn, An Íoslainn, agus an Ghraonlainn.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Hussey, Matt (2011). "Ciorcal Antartach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 139.
  2. an líne is faide ó thuaidh ónar féidir an ghrian a fheiceáil ag grianstad an tsamhraidh ar feadh 24 uair lá amháin sa bhliain