An Clochán (Contae Chiarraí)

Sráidbhaile is ea An Clochán atá suite thart ar 15 ciliméadar siar ó thuaidh ón Daingean, i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Sráidbhaile beag cósta atá ann ar an taobh thuaidh de leithinis an Daingin a luíonn faoi bhun Chnoc Bréanainn agus An Chonair, áit a dtéann an Abhainn Mhór isteach i Sruthán an Chlocháin. Tá an Clochán suite ar an mbóthar áitiúil, an L 5012-26, agus de ghnáth tagann an trácht a théann trí an lonnaíocht chun buaice i rith an tsamhraidh.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Clochán
Cloghane (en) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 52°14′06″N 10°10′57″W / 52.235°N 10.1825°W / 52.235; -10.1825
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Contae in ÉirinnContae Chiarraí Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama

Déimeagrafaic cuir in eagar

Tá an sráidbhaile suite laistigh de TRC An Chlocháin. Tá daonra na TRC seo tar éis a bheith ag méadú ó dhaonra de 252 sa bhliain 1996, 268 sa bhliain 2002 agus 273 sa bhliain 2006. I ndaonáireamh na bliana 2006, dúirt 77.7% de mhuintir an TRC go raibh Gaelainn acu. Dar le figiúirí daonáirimh 2006 is iad talmhaíocht, iascaireacht agus an tionscal tógála an fhoinse fostaíochta is mó sa cheantar.

De réir daonáireamh Poblacht na hÉireann 2011 tá cónaí ar 297 duine sa Clochán. Dúirt 216(74.2%) duine go raibh Gaelainn acu agus dúirt 95(32.6%) duine go úsáideann siad an Gaelainn go laethúil taobh amuigh den chóras oideachas.

Feidhmeanna cuir in eagar

Sráidbhaile iascaireachta agus turasóireachta den chuid is mó atá ann, a chuireann raon seirbhísí áitiúla ar fáil don dúiche máguaird. Bunáit mhaith is ea an Clochán ónar féidir a bheith ag taiscéaladh ar chos agus seo é an pointe is fearr le tosú ar Chnoc Bréanainn a dhreapadh.

Áiseanna agus Seirbhísí cuir in eagar

Tá raon seirbhísí bunúsach sa Chlochán, mar shampla eaglais Chaitliceach Naomh Bhreandáin, bunscoil, siopa/oifig an phoist, dhá thigh tábhairne, stáisiún na nGardaí agus oifig turasóireachta séasúrach. Tá lárionad pobail ar a dtugtar Halla le Chéile air, a fhreastalaíonn ar an gceantar máguaird, suite leath shlí idir An Clochán agus Cé Bhréanainn. Tá an lárionad á riaradh ag comharchumann atá bunaithe sa phobal: Comharchumann Forbartha an Leith Triúigh Teoranta, a bunaíodh sa bhliain 1973 agus acmhainn áitiúil tábhachtach atá ann. Cuireann an lárionad raon seirbhísí leathan ar fáil, mar shampla áiseanna do ghnóthaí, áiseanna spóirt, naíonra, lárionad cúraim lae do sheanóirí agus seirbhísí na lia chleachtóirí.

Bonneagar cuir in eagar

Tá dabhach séarachais le píobán sceite ag dul amach chun an chladaigh ag soláthar seirbhíse do mhuintir na háite. Tá príomhlíonra uisce poiblí ag soláthar seirbhíse don Chlochán.

Stair cuir in eagar

Tá an Clochán ann ón tríú haois déag ach níl mórán eolais ar fáil maidir lena stair. Forbraíodh an sráidbhaile i bpatrún líneach thuaidh theas taobh leis an L5012-26. Tá sráid-dreach tarraingteach ina bhfuil roinnt mhaith Struchtúir atá faoi chosaint ann le meascán de tithe dúchasacha atá dhá stór ar airde don chuid is mó ag croílár an Chlocháin. D’fhéadfaí breathnú ar seo mar an chuid is tarraingtí den sráid-dreach ar an leithinis. Tá cuid den sráid-dreach atá comhchosúil leis seo ach atá athraithe beagáinín ach nach bhfuil chomh fairsing, ar thaobh thoir (ar thaobh na farraige) den bhóthar. Ceanglaíonn póirse príomhshráid an Chlocháin leis an gcladach. Tháinig cruth ribíneach ar an bhforbairt ar an mbóthar thuaidh go dtí Cnoc Bréanainn le blianta beaga anuas. Cuireadh an Clochán isteach i nGaeltacht Chorca Dhuibhne sa bhliain 1974.

Oidhreacht Tógtha cuir in eagar

Tá struchtúir atá faoi chosaint suite sa Chlocháin, mar shampla grúpa d’aon teach sraithe déag, struchtúr iar-Eaglais na hÉireann agus Eaglais Chaitliceach Naomh Bhreandáin.

Oidhreacht Nádúrtha cuir in eagar

Tá an ceantar suite in aice le Bá Thrá Lí agus Leithinis Mhachaire (siar ón gClochán) atá ina iarrthóir ar Limistéar Caomhantais Speisialta. Tá an suíomh ina iarrthóir ar SAC a roghnaíodh le haghaidh dumhcha socra, murlaigh, agus foraoisí gláracha, atá go léir ina gnáthóga tosaíochta ar Aguisín 1 de Threoir na nGnáthóg AE agus baineann tábhacht éiceolaíochta agus caomhantais ar leith leis an suíomh mar gheall ar éagsúlacht na ngnáthóg atá inti. Tá an sráidbhaile suite taobh le góilín gainmheach ar an taobh thiar de Bhá Bhréanainn. Tá talamh an cheantair réasúnta réidh agus tá córais ghoirt neamhrialta bheaga ina bhfuil a lán lomáin charraige mórthimpeall air. Téann an talamh in airde go géar i dtreo an tuaiscirt agus tá Cnoc Bréanainn, atá os cionn 950 méadar in airde, níos lú ná 5 ciliméadar ó lár an Chlocháin. Tá radhairc sléibhe agus farraige drámata le feiceáil ón gClochán.

Eamhnú cuir in eagar

An Clochán agus Cé Bhréanainn, le Plozévet na Briotáine.