An Cogadh Céad Bliain
An Cogadh Céad Bliain
Dáta: 13371453
Áit: An Fhrainc agus an Ísiltír
Toradh: Bua Rítheaghlach Capet de Valois.
Céilí comhraic
Teaghlach de Valois
Tacaithe ag:
An Fhrainc
Ríocht na hAlban
An Chaistíl
Poblacht Ghenova
Mallarca
An Bhoihéim
An Aragóin
An Bhriotáin (Blois)
Teaghlach na bPlantaigíneach
Tacaithe ag:
Sasana
An Bhurgúin
An Acatáin
An Bhriotáin (Montfort)
An Phortaingéil
Navarre
Flóndras
Hainaut
Lucsamburg
Impireacht Naofa Rómhánach
Ceannasaithe
{{{ceannasaí1}}} {{{ceannasaí2}}}
Slua
145.000 fear 200.000 fear
Taismigh
59.000 básanna agus gortaithe: 53.000 básanna agus gortithe:

Sraith coimhlintí a troideadh thar tréimhse de chéad agus sé bliana déag (idir 1337 go 1453) ba ea An Cogadh Céad Bliain, ina raibh dhá ríshliocht, Teaghlach na bPlantaigíneach agus Ríora Chapetach de Valois, i gcoimhlint lena chéile. Ní hamhlaidh, áfach, go raibh cogadh gan sos ar siúl ar feadh na tréimhse go léir, mar ba mhinic a tharla tréimhsí fada síochána, sa dóigh nach raibh cogaíocht ar bun ach timpeall leath an ama sin.

Bhí sé ar cheann de na coimhlintí is suntasaí sa Mheán-Aois, ina raibh cúig ghlún de the ó dhá chéile comhraic ag troid ar son na ríchathaoireach den ríocht is mó in Iarthar na hEorpa. Cé nár thit aon cath mór amach tar éis na bliana 1453, níor cuireadh deireadh go hoifigiúil leis an gcoinbhleacht go dtí gur síníodh an Conradh Picquigny (Fraincis: Le Traité de Picquigny) idir Ríocht Shasana agus Ríocht na Fraince ar an 29 Lúnasa, 1475.

Tar éis Concas na Normannach ar Shasana, ba vasáilligh iad ríthe Shasana, faoi oibleagáid ríthe na Fraince le haghaidh a gcuid sealúchas sa Fhrainc. Bhí iarracht déanta ag ríthe na Fraince, thar na céadta bliain, na sealúchais seo a laghdú, go dtí nach raibh fágtha ach Gascogne i seilbh Theaghlach na bPlantaigíneach. An Diúcacht seo á choigistiú nó é a bhagairt a bhí mar chuid de bheartas na Fraince chun cosc a chur leis an bhfás ar chumhacht Shasana, go háirithe aon uair a bhí Sasana ag fógairt cogaidh ar Ríocht na hAlban, comhghuaillí na Fraince.

Sa bhliain 1316, bunaíodh prionsabal a chur cosc ar mhná comharbas ar ríchathaoir na Fraince a ghlacadh.

Tríd a mháthar, Isabella na Fraince (Fraincis: Isabelle de France), ba ua é Éadbhard III Shasana (Béarla:Edward III), d'Philib IV na Fraince (Fraincis:Philippe IV) agus nia Shéarlas IV na Fraince (Fraincis:Charles IV), an rí deireanach ar an líne sinsearach de Theaglach na gCapeteach. don rí do chailleadh, agus ón uair nár éirigh, d'fhan sé le hionú cóir le cogadh a chur ar an té so bhuaidh air.le leis d'fhan Isabella in ann ríchathaoir na Fraince a éileamh di féin, ach d'éiligh sí é ar son a mic. Diúltaíodh an t-éileamh, na Francaigh ag maíomh nach bhféadfaí Isabella ceart nach raibh aici a tharchur. Ar feadh thart ar naoi mbliana (1328-1337), ghlac na Sasanaigh le chomharbas de Valois chun na ríchathaoireach. Ach, toisc an cur isteach a rinne rí na Fraince, Pilib VI, ar chogadh Edward III i gcoinne na hAlban faoi stiúir Éadbhard III, d'athfhógair Éadbhard a éileamh ar ríchathaoir na Fraince. D'ardaigh roinnt mórbhuanna na Sasanach sa chogadh - go háirithe ag Crécy, Poitiers, agus Agincourt- an dóchúlacht go mbeadh an bua sa deiridh acu. Mar sin féin, os rud é go raibh níos mó acmhainní ag na Francaigh, bhí siad in ann cosc a chur ar bhua iomlán na Sasanach. Ón bhliain 1429 ar aghaidh, bhain na Francaigh mórbhuanna cinntitheacha amach ag Patay, Formigny, agus Castillon agus cuireadh leis an chogadh i bhfabhar na Fraince, agus chaill Sasana go buan an chuid is mó dá sealúchais mhóra ar an mór-roinn.

Is minic, a roinneann staraithe an cogadh i dtrí chéim, deighilte de réir sosanna cogaidh :

  • Cogadh na Ré Éadbhardaigh (1337-1360);
  • Cogadh Shéarlais (1369-1389); agus
  • Cogadh Lancaster (1415-1453).

I measc na gcoinbhleachtaí comhaimseartha sna gceantair máguaird, a bhí bainteach go díreach leis an choimhlint, bhí Cogadh Chomharbas na Briotáine (1341-1364), Cogadh Cathartha na Caistíle (1366-1369), Cogadh an Dá Pheadar (1356-1375) san Aragón, agus Géarchéim na mblianta 1383-1385 sa Phortaingéil. Níos déanaí, chum staraithe an téarma "Cogadh Céad Bliain '" mar tréimhsiú d’fhonn go gcuimseofar gach ceann de na himeachtaí seo, agus dá réir sin, tógadh an choimhlint míleata is faide sa stair.

Tá tábhacht stairiúil an chogaidh le brath ar tosca éagsúla. Faoi dheireadh an chogaidh, bhí trúpaí gairmiúla in ionad arm feodach den chuid is mó, agus cuireadh daonlathú ar bun ar acmhainní daonna agus uirlisí troda an airm, in áir smachta na huasaicme. Cé go raibh an choimhlint, go príomha ríoraíoch, spreag sí smaointe an náisiúnachais sa Fhrainc agus Sasana. Tháinig iomaíocht armála agus teaicticí chun cinn in ionad marcshlua trom, a bhí i dtreis go dtí sin. Sháigh an choinbhleacht bunú, na n-arm seasta in Iarthar na hEorpa, den chéad uair, ó aimsir Impireacht Iartharacht na Róimhe, comhdhéanta den chuid is mó den chosmhuintir agus dá bhrí bhain na tuathánaigh ról níos tábhachtaí amach sa chogaíocht. Le himeacht na mblianta, chuir fórsaí polaitiúla Shasana gcoinne an fhiontar chostasaigh. I measc na gnéithe suntasacha a spreag Cogadh na Rósanna (1455-1487), bhí míshástacht na n-uaisle Sasanacha, faoin a gcuid gabháltas ilchríochach a chailleadh. Sa Fhrainc, laghdaigh cogaí sibhialta, eipidéimí, gortaí srl, an daonra go suntasach.

D’uireasa gabháltas san Eoraip, fágadh na Sasanaigh leis an tuiscint gur náisiún oileánda iad, tuiscint a chuaigh i bhfeidhm go mór orthu sna blianta a bhí le teacht, le níos mó ná 500 bliain.

Bunús na coimhlinte cuir in eagar

Is féidir bunchúiseanna na coimhlinte a aimsiú san ghéarchéim déimeagrafach, eacnamaíocht agus sóisialta sa 14ú haois san Eoraip. Spreag an t-ardú teannais idir Ríthe na Fraince agus Sasana, faoi Guyenne, Flanders agus Albain, briseadh amach an chogaidh. Ba í an cheist ríoraíoch í, a tháinig chun cinn de bharr briseadh an líne chomharbais dhíreach Chapetach, an chúis oifigiúil.

Suaitheadh ríoraíoch sa Fhrainc: 1314-1328 cuir in eagar

Ardaíodh an cheist maidir le comharbas baineann chuig ríchathaoir na Fraince tar éis bháis Louis X sa bhliain 1316. Níor fhág Louis X ach iníon ina dhiaidh, agus níor mhair a mhac ach cúpla lá tar éis na breithe. Mhaigh Pilip, Cunta Phoitiers, deartháir Louis X, "Nach féidir le mná teacht i gcomharbas ríchathaoir na Fraince". De bharr a chríonnacht pholaitiúil, bhí sé in ann an lámh in uachtar a fháil ar a namhaid agus ríchathaoir na Fraince a bhaint amach mar Pilip V na Fraince (Fraincis: Philippe le Long). De réir an dlí céanna a bhí curtha i gcrích aige, séanadh an comharbas dul chuig a chuid iníonacha, agus fuair a dheartháir níos óige, Séarlas IV é, sa bhliain 1322.

Fuair Séarlas IV bás sa bhliain 1328, ag fágáil iníon agus bean chéile ag iompar clainne. Má bhí an leanbh sa bhroinn ina fhireann, bheadh ​​sé ina rí; murab é sin, d'fhág Séarlas rogha a chomharba do na huaisle.

De réir gaol gairid na fola, ba é an fear coibhneasta is gaire do Séarlas IV ná a nia Éadbhard III Shasana. Mac Isabella deirfiúr iar-rí na Fraince ab ea Éadbhard, ach d'éirigh an cheist an raibh sí in ann ceart chun oidhreachta a tharchur nach raibh aici féin. Ina theannta sin, bhí doicheall roimh riail na Sasanach ag uaisle na Fraince. Ag tionóil na mbarún agus na bpréalád Francach agus ag Ollscoil Pháras socraíodh gur chóir fir a bhain a gceart oidhreachta tríd a máthair a eisiamh. Dá bhrí sin, cinneadh ar Philib, Cunta de Valois, col ceathrar Shéarlais IV, a ba chóir bheith ina rí, mar Philip VI Fraincis: Charles IV). Sa bhliain 1340 dhearbhaigh an phápacht ag Avignon, nár chóir faoi dhlí Saileach, fir a bheith in ann oidhreacht a bhaint amach tríd a gcuid máithreacha. Faoi dheireadh, go drogallach, d'aithin Edward III Philip VI agus d'íoc sé ómós as a chuid fíofaí sa Fhrainc. Rinne sé lamháltais i nGuyenne, ach choimeád sé an ceart chun na críocha a bhí choigiste go treallach a éileamh ar ais. Tar éis sin, bhí sé ag súil a bheith fágtha gan cur isteach le linn dó cogadh a fhógair ar Albain.

An díospóid faoi Ghuyenne: fadhb an fhlaithiúnais cuir in eagar

 
Éadbhard I Shasana (ar a ghlúine) roimh Philippe IV na Fraince (ina shuí), 1286. Mar Diúc na hAcatáine, bhí Edward ina vasáilleach chomh maith do Rí na Fraince.

Cuireadh deireadh le ríora na hAngla-Normannaigh a rialaigh Sasana ó choncas na Normannach sa bhliain 1066, nuair a corónaíodh Anraí (Fraincis: Henri II), mac Geoffrey V d'Anjou agus an Bhanimpire Matilda agus mac garpháiste Liam I Shasana (nó Liam Concar), ina chéad cheann de ríthe Ainsivíneach ar Shasana sa bhliain 1154 mar Anraí II Shasana. Rialaigh na ríthe Ainsivíneacha go díreach os cionn níos mó críochs ná ríthe na Fraince féin. Mar sin féin, bhí orthu urraim a thabhairt do rí na Fraince. Ón 11ú haois ar aghaidh, bhí neamhspleáchas ag na hAinsivínigh dá réimsí féin sa Fhraince, ag neodrúgo go héifeachtach na ceiste seo.

Fágadh na fearainn Ainsivíneacha ag Eoin Shasana le hoidhreacht ó Richard I. Mar sin féin, ghníomhaigh Pilib II go diongbháilte chun leas a bhaint as laigí Eoin, go dlíthiúil agus go míleata araon, agus faoi 1204 d'éirigh leis smacht a ghlacadh ar an chuid is mó de na sealúchais ilchríochacha Ainsivíneacha. I ndiaidh Eoin bheith i réim, an chatha Bouvines (1214), an chogaidh Saintonge (1242), agus ar deireadh Cogadh Saint-Sardos (1324), bhí sealúchas rí Shasana ar an mór-roinn, mar Diúc na hAcatáine (Guyenne) teoranta, go cúigí sa Ghascongne.

Tá an t-aighneas faoi Guyenne níos tábhachtaí fós ná an cheist dynastach agus briseadh an chogaidh amach a mhíniú. Chruthaigh Guyenne fadhb shuntasach do ríthe na Fraince agus Shasana: vasáilleach de chuid Philippe VI na Fraince ab ea Éadbhard III mar gheall ar a ghabháltais sa Fhrainc agus bhí air ardtiarnas Rí na Fraince orthu a aithint. I dtéarmaí praiticiúla, d’fhéadfadh breithiúnas i nGuyenne a bheith faoi réir achomhairc chuig cúirt ríoga na Fraince. Bhí sé de chumhacht ag Rí na Fraince gach cinneadh dlí a rinne Rí Shasana san Acatáinin a chúlghairm, rud nach raibh inghlactha ag na Sasanaigh. Dá bhrí sin, bhí coimhlint fholaigh idir an dá monarcacht a bhí i gceannas ar Ghuyenne ar feadh roinnt glúnta.

Le linn Chogadh Saint-Sardos, thug Charles of Valois, thug athair Philippe VI, faoi ionradh ar an Acatáinin thar ceann Charles IV agus rinne sé an duchtacht a cheansú tar éis éirí amach áitiúil, a chreid na Francaigh a ghríosaigh Éadbhard II Shasana. D’aontaigh Charles IV go drogallach an chríoch seo a thabhairt ar ais, sa bhliain 1325. Chun a dhiúcacht a aisghabháil, b’éigean d'Éadbhard II comhréiteach a dhéanamh: mar chomhartha ómóis sheol sé a mhac, Éadbhard (Éadbhard III amach anseo), le hómós a thabhairt.

D'aontaigh Rí na Fraince Guyenne, lúide Agenais, a athbhunú. Ach chuir na Francaigh moill ar na dtailte a tabhair ar ais, rud a chabhraigh le Philippe VI. Ar 6 Meitheamh 1329, thug Éadbhard III ómós do Rí na Fraince sa deireadh. Ag an searmanas, áfach, thaifead Philippe VI nár bhain an t-ómós i dtaobh na bhfeod a bhain Charles IV (go háirithe Agenais) ó dhiúcacht Guyenne. Maidir le hÉadbhard, níor thug an t-ómós le tuiscint gur tréigeadh a éileamh ar na tailte a bhí bainte ag Charles IV.

An Ghascogne faoi Rí Shasana cuir in eagar

 
An Fhrainc sa bhliain 1330.

██ An Fhrainc roimh 1214

██ Fálacha na Fraince go dtí 1330

██ Sasana agus Guyenne-et-Gascogne ón bhliain 1330

San 11ú haois, corpraíodh an Ghascogne in iardheisceart na Fraince isteach san Acatáinin (ar a dtugtar Guyenne nó Guienne freisin) agus cruthaíodh an cúige Guyenne-et-Gascogne. Rinneadh Diúcanna na hAcatáine de ríthe hAinsivíneacha Shasana tar éis do Anraí II iar-Bhanríon na Fraince, Aliénor na hAcatáine, a phósadh sa bhliain 1152, agus as sin coinníodh na tailte i vasáilleacht go Coróin na Fraince. Faoin 13ú haois bhí na téarmaí Aquitaine, Guyenne agus Gascogne beagnach comhchiallach.[1][2] Ar an 1 Feabhra 1327, le linn d'Éadbhard bheith ina rí ba í Diúcacht na Gascogne an t-aon chuid den Acatáinin a d’fhan ina lámha. Baineadh úsáid as an téarma Gascogne don chríoch a bhí i seilbh Ríthe hAinsivíneacha Shasana (Teaghlach na bPlantaigíneach) in iardheisceart na Fraince, cé gur úsáid siad an teideal Diúc na hAcatáine fós.[2][3]

Don chéad 10 mbliana de réimeas Éadbhaird III, bhí an Ghascogne ina údar achrainn. D'áitigh na Sasanaigh, toisc nár ghníomhaigh Charles IV ar bhealach ceart i dtreo a thionónta, gur cheart go mbeadh Éadbhard in ann an duchtacht a choinneáil saor ó aon ardcheannas Francach. Dhiúltaigh na Francaigh an argóint seo, mar sin sa bhliain 1329, thug Éadbhard III, a bhí 17 mbliana d’aois, ómós do Philippe VI. D'éiligh an traidisiún go rachadh vasáilleach chuig a thiarna feodach neamharmtha agus ceann-nochta. Rinne Éadbhard agóid trí fhreastal ar an searmanas agus é ag caitheamh a choróin agus a chlaíomh.[4] Fiú amháin tar éis an ghealltanais ómóis seo, lean na Francaigh ag cur brú ar riarachán Shasana. [5]

Níorbh é an Ghascogne an t-aon fhadhb leanúnach. Ba é Robert III de Artois ina chomhairleoir a raibh an-tionchar aige ar Éadbhard. Ag an am seo bhí Robert ar deoraíocht ó chúirt na Fraince, tar éis dó titim amach le Philippe VI faoi éileamh oidhreachta. D'áitigh sé ar Éadbhard cogadh a thionscain leis an Fhrainc a fháil ar ais, agus bhí sé in ann faisnéis fhairsing a sholáthar dó faoi chúirt na Fraince. {{sfn|Prestwich|2007|p=306} }

An chomhghuaillíocht Fhranc-Albanach cuir in eagar

Bhí an Fhrainc ina comhghuaillí de Ríocht na hAlban le linn ríthe Shasana ag tabhairt faoi an tír a chur faoi smacht le tamall. Sa bhliain 1295, síníodh conradh (An Seann-chaidreachas) idir an Fhrainc agus Albain le linn réimeas Philippe IV (Fhraincis:Philippe IV le Bel). Rinne Charles IV an conradh a athnuachan go foirmiúil sa bhliain 1326,(Traité de Corbeil (1326)) ag gealladh d’Albain go dtacódh an Fhrainc leis na hAlbanaigh dá ndéanfadh Sasana ionradh ar a dtír.[6] Ar an gcaoi chéanna, bheadh ​​tacaíocht na hAlban ag an bhFrainc dá ndéanfaí ionsaí ar a ríocht féin. Ní fhéadfadh rath a bheith ar phleananna Éadbhaird in Albain dá bhféadfadh na hAlbanaigh brath ar thacaíocht na Fraince.[6]

 
Léarscáil beoite ag taispeáint dul chun cinn an chogaidh (athruithe críochacha agus na cathanna is tábhachtaí idir 1337 agus 1453)

Bhí cabhlach mór curtha i gceann a chéile ag Philippe VI amach ó Mharseille mar chuid de phlean uaillmhianach le haghaidh crosáide chun na Talún Naofa. Caitheadh an plean i dtraipisí, áfach, agus bhog an cabhlach, lena n-áirítear gnéithe de chabhlach na hAlban, go Muir nIocht le hais na Normainne sa bhliain 1336, ag bagairt ar Shasana. [7] Chun déileáil leis an ngéarchéim seo, mhol Éadbhaird go n-ullmhódh na Sasanaigh dhá arm, ceann chun déileáil leis na hAlbanaigh "ag am oiriúnach", an ceann eile le dul ar aghaidh láithreach chuig Gascogne. Ag an am céanna, bhí ambasadóirí le bhí seolta chun na Fraince i gcomhair conartha síochána a mholadh do rí na Fraince. [8]

Tús an chogaidh: 1337–1360 cuir in eagar

Deireadh le hómós cuir in eagar

Ag deireadh mhí Aibreáin 1337, tugadh cuireadh do Philippe na Fraince bualadh leis an toscaireacht as Sasana ach dhiúltaigh sé. Fógraíodh an arrière-ban (gairm chatha), ar fud na Fraince ag tosú an 30 Aibreán 1337. Ansin, i mBealtaine 1337, bhuail Philippe lena Chomhairle Mhór i bPáras. Aontaíodh gur chóir Diúcacht na hAcatáine, go bunúsach an Ghascogne, a thabhairt ar ais i lámha an rí ar an mbonn go raibh Éadbhard III ag sárú a chuid oibleagáidí mar vasáilleach agus go ndearna sé foscadh do ‘deargnamhaid’ an rí Robert d’Artois.[9] Thug Edward freagra ar choigistiú na hAcatáine trí dhúshlán a thabhairt do cheart Philippe ar ríchathaoir na Fraince. Nuair a d’éag Charles IV, bhí éileamh déanta ag Éadbhard ar chomharbas ríchathaoir na Fraince, trí cheart a mháthair Isabella (deirfiúr Charles IV), iníon le Philippe IV. Measadh go raibh aon éileamh neamhbhailí mar gheall ar ómós Éadbhaird do Philippe VI sa bhliain 1329. Rinne Éadbhard a éileamh a athbheochan agus sa bhliain 1340 ghlac sé go foirmiúil leis an teideal ‘Rí na Fraince agus Armas Ríoga na Fraince’. [10]


An 26 Eanáir 1340, fuair Éadbhard III ómós go foirmiúil ó Ghuy, leathdheartháir de chuid Chunta Fhlóndras. D’fhógair údaráis chathartha Ghent, Ypres agus Bruges Éadbhard Rí na Fraince. Ba é cuspóir Éadbhaird a chomhghuaillíochtaí leis na Tíortha faoi Thoinn a neartú. Bheadh ​​a lucht tacaíochta in ann a éileamh go raibh siad dílis d'fhíor Rí na Fraince agus nár reibiliúnaithe iad i gcoinne Philippe. I mí Feabhra 1340, d’fhill Éadbhard ar ais go Sasana chun iarracht a dhéanamh níos mó airgid a bhailiú agus chun déileáil le deacrachtaí polaitiúla freisin.[11]

Bhí an caidreamh le Flóndras ceangailte le trádáil olann Shasana freisin, mar bhí príomhchathracha Fhlóndras ag brath go mór ar tháirgeadh teicstíle agus chuir Sasana cuid mhaith den amhábhar a bhí ag teastáil uathu ar fáil. D'ordaigh Éadbhard III go suífeadh a sheansailéir ar an mála olla sa chomhairle mar shiombail de cheannródaíocht na trádála olann.[12] Ag an am bhí thart ar 110,000 caora i Sussex amháin.[13] Tháirg mainistreacha móra meánaoiseacha Shasana barrachais mhóra olann a díoladh le mórthír na hEorpa. Bhí rialtais i ndiaidh a chéile in ann suimeanna móra airgid a dhéanamh trí cháin a ghearradh air. [12] Mar thoradh ar chumhacht farraige na Fraince cuireadh isteach ar gheilleagar Shasana, ag laghdú trádáil na n-olann go Flóndras agus trádáil an fhíona ón Ghascogne.[14][15]




Tagairtí cuir in eagar

  1. Harris 1994, p. 8.
  2. 2.0 2.1 Prestwich 1988, p. 298.
  3. Prestwich 2007, pp. 292–293.
  4. Wilson 2011, p. 194.
  5. Prestwich 2007, p. 394.
  6. 6.0 6.1 Prestwich 2007, pp. 304–305.
  7. Prestwich 2007, p. 306.
  8. Sumption 1999, p. 180.
  9. Sumption 1999, p. 184.
  10. Prestwich 2003, pp. 149–150.
  11. Prestwich 2007, pp. 307–312.
  12. 12.0 12.1 Friar 2004, pp. 480–481.
  13. R.E.Glassock. England circa 1334 in Darby 1976, p. 160
  14. Sumption 1999, pp. 188–189.
  15. Sumption 1999, pp. 233–234.