Sa Chríostaíocht, tugtar an Dá Aspal Déag (nó an Dáréag Aspal, Sean-Ghréigis: ἀπόστολος apostolos, an té atá seolta mar theachtaire) ar na misinéirí a roghnaigh Íosa Críost chun an Eaglais Chríostaí a bhunú agus an Dea-scéala a scaipeadh.

An Dá Aspal Déag

Go traidisiúnta, sin iad Peadar, Aindrias, Séamas Mór, Séamas Beag, Eoin, Pilib, Parthalán, Matha, Tomás, Tadáias, Síomón, agus Iúdás Isceiriót.

Ghlac Maitias áit Iúdás Isceiriót níos déanaí.[1][2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Lá de na laethanta sin, nuair a bhí tuairim is céad agus fiche duine de shlua le chéile ann, d’éirigh Peadar ina sheasamh os a gcomhair: “A bhráithre,” ar sé, “níorbh fholáir an tuar a theacht faoin tairngreacht úd a labhair an Spiorad Naomh sa scrioptúr trí bhéal Dháiví faoi Iúdás, an fear a rinne eolas na slí dóibh siúd a ghabh Íosa, tar éis dó bheith ar aon bhuíon linne agus páirt a fháil sa chúram seo.”. srl An Bíobla Naofa
  2. An Bíobla Naofa (100 AD ?). "⏩ GNÍOMHARTHA na nASPA". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-07-01. Dáta rochtana: 2022.