An Fhranc Thiar

iar-thír (843-987)

I stair na meánaoise, tagraíonn an Fhranc Thiar (Laidin: Francia occidentalis ) nó Ríocht na bhFranc Thiar (regnum Francorum occidentalium ) don chuid thiar d’ Impireacht na bhFranc a bhunaigh Séarlas Mór. Léiríonn sí an chéim is luaithe de Ríocht na Fraince, a mhair ó thart ar 840 go dtí 987. D’eascair an Fhranc Thiar as chríochdheighilt na hImpireachta Cairilínsí i 843 faoi Chonradh Verdun tar éis bhás mhac an Impire, Louis Cráifeach

Ón iarthar go dtí an oirthear, na críocha a d’eascair as Conradh Verdun de 843: An Fhranc Thiar,(Laidin: Francia occidentalis ), An Fhranc Láir (Laidin: Francia media) agus an Fhranc Thoir (Laidin: Francia orientalis)