Is é an Gannchrios an chuid de spéir na hoíche atá clúdaithe ag ár réaltra féin, Bealach na Bó Finne. Tagann an dusta agus na réaltaí timpeall ar phlána an réaltra idir sinn agus 20 % éigin den spéir, i gcruth is nach féidir linn an spás taobh amuigh de Bhealach na Bó Finne a fheiceáil sna réigiúin seo. Mar sin, na mapaí optúla den spéir atá againn, bíonn siad an-ghann i dtimpeallacht phlána ár réaltra, agus is é an Gannchrios a thugtar ar an timpeallacht sin dá réir. Leis na blianta beaga anuas, is iomaí tionscadal taighde a tháinig ar an bhfód le tuilleadh a fháil amach faoin nGannchrios. A fhad agus atá na minicíochtaí optúla - an solas infheicthe - i gceist, is minic nach mbíonn a dhath le feiceáil, ach tiocfaidh an-laghdú ar an díobhadh seo, má théitear i dtuilleamaí na minicíochtaí infridhearga. Má úsáidtear na radathonnta, arís, beidh Bealach na Bó Finne beagnach trédhearcach. Mar sin, fuarthas léargas i bhfad ní ba chuimsithí ar an spéir taobh amuigh de Bhealach na Bó Finne leis na suirbhéireachtaí infridhearga, ar nós IRAS agus 2MASS. Sa bhliain 1968, tháinig Paolo Maffei ar dhá réaltra mhóra i gcóngar dúinn, Maffei 1 agus Maffei 2 de réir na hastaíochta infridheirge a bhí ag teacht astu. Ina dhiaidh sin féin, táthar sách aineolach i gcónaí ar 10 % éigin den spéir, ós rud é gur furasta réaltaí de chuid ár réaltra a thógáil in ainriocht réadanna taobh amuigh de, agus a mhalairt. Nuair a chuathas i dtuilleamaí na radathonnta - go háirithe ag an minicíocht ar a dtugtar HI i leathchaint na réalteolaithe, is é sin, an líne 21 cm i speictream astaíochta adamh na hidrigine, - thángthas trasna ar go leor réaltraí nach raibh inaitheanta sa chuid infridhearg den speictream. Samplaí den chineál seo radairéaltraí is ea iad Réaltra Dwingeloo a hAon agus Réaltra Dwingeloo a Dó.

Cruthaíonn Bealach na Bó Finne Gannchrios do bhreathnóirí logánta