An Ghaeilge i dTuaisceart Éireann

Is éard atá i gceist leis an nGaeilge i dTuaisceart Éireann ná an teanga Cheilteach sin a labhraítear sa chuid sin den oileán.

Teanga oifigiúil í an Ghaeilge, i gcomhair le Bearla, i ndiadh reachtú "Identity and Language (Northern Ireland) Act".

De réir an daonairimh is deanaí (2021), tá cumas éigean i nGaeilge ag 228,617 (12.45%) nduine . Teanga comhluadair í an Ghaeilge fá choinne 5,969 (0.32%) nduine.

Don chéad uair riamh, d'fhiafraigh foirm ceiste an daonairimh minicíocht labhartha Gaeilge.

Dúradh:

Gur labhair 43,557 (2.37%) nduine Gaeilge ar bun laethúil.

Gur labhair 26,285 (1.43%) dhuine Gaeilge ar bun seachtainúil

Nár labhair 47,143 (2.57%) dhuine Gaeilge go minic, ach mar sin féin bhí cumas Gaeilge labhartha acu


Na 10 gceantair bharda leis na ceatadáin is airde de dhaoine a bhfuil cumas éigean acu i nGaeilge ná:

  1. Termon (Tír Eoghain) 43%
  2. Washing Bay 39.35%
  3. Swatragh 36.53%
  4. Falls Park 34.73%
  5. Andersontown 34.22%
  6. Lower Glenshane 33.11%
  7. Mullaghbane 32.46%
  8. Shaw's Road 32.17%
  9. Crossmaglen 31.7%
  10. Stewartstown (Béal Feirste) 31.59%

Tuairiscíodh ceatadán 30% nó níos airde de dhaoine a bhfuil cumas éigean Gaeilge acu i 14 cheantar bharda. Tá an teanga is laidre i lár Thír Eoghain (Termon, Owenkillew, Sixmilecross), in Oirdheisceart Thír Eoghain (Washing Bay), in Ard Mhacha Theas (Mullaghbane, Crossmaglen, Forkhill), in Oirdheisceart Dhoire (Swatragh, Lower Glenshane) agus in Iarthar Bhéal Feirste (Falls Park, Andersontown, Shaw's Road, Stewartstown, Colin Glen).

Na 10 gceantair bharda leis na ceatadáin is airde de Ghaeilgeoirí laethúla acu ná:

  1. Andersontown 12.41%
  2. Falls Park 12.25%
  3. Shaw's Road 12.18%
  4. Termon (Tír Eoghain) 11.84%
  5. Turf Lodge 11.79%
  6. Colin Glen 11.28%
  7. Washing Bay 10.91%
  8. Stewartstown (Béal Feirste) 10.68%
  9. Ballymurphy 10.67%
  10. Swatragh 10.24%


Cé nach bhfuil aon eolas beacht ann i dtaobh líon na múinteoirí a bhí cáilithe an Ghaeilge a mhúineadh idTuaisceart Éireann i rith luathbhlianta na 1920idí ná líon na scoileanna a bhí i gceist is féidir meastachán maith a dhéanamh bunaithe ar staitisticí oideachais. Ar an gcuid ba mhó bhí suas le 380 múinteoir a raibh buncháilíochtaí sa Ghaeilge acu ag múineadh an ábhair in 177 mbunscoil poiblí (mar a bhí á thabhairt ar na scoileanna náisiúnta faoin tráth seo). B'ionann sin agus isteach nó amach le 34% de na múinteoirí i mbunscoileanna poiblí sin a bhí faoi bhainistíocht Chaitliceach nó 8% de mhóriomlán na mbunmhúinteoirí idTuaisceart Éireann.

Tá tagairt i gcomhaid de chuid na hAireachta do 271 múinteoir Gaeilge in 191 scoil i rith na tréimhse sin anuas go dtí 1927. Ní áirítear ina measc, áfach, an líon sin de na múinteoirí nach mbíodh deis acu an t-ábhar a mhúineadh ar chor ar bith. Tugann staitisticí scrúduithe scoileanna le fios go raibh ar a laghad múinteoir amháin Gaeilge ag gach uile cheann de na 245 scoil a bhí faoi bhainistíocht Chaitliceach is é sin isteach is amach le 31% den mhóriomlán i dTuaisceart Éireann. Tá an Nua-Ghaeilge ar fáil mar chuid den chúrsa céime sa Léann Ceilteach ag Ollscoil na Banríona agus mar ábhar roghnach i gColáiste Mhuire.