Ba theanga Cheilteach ársa í an Ghaillis a labhraíodh i gcodanna den Eoraip chomh déanach leis an Impireacht Rómhánach. Sa chiall is cruinne, ba í an Ghaillis an teanga a bhí á labhairt ag Ceiltigh na Gaille (an Fhrainc, an Bheilg, an Eilvéis, agus an Tuaisceart na hIodáile, mar atá inniu ann). I gciall níos leithne, cuimsíonn sé cineálacha den Cheiltis a labhraíodh i gcuid mhór den Eoraip lárnach ("Noric"), codanna de na Balcáin, agus den Áise Bheag ("an Ghalátais "), a mheastar go raibh lúthghaol acu.[1][2] Uaireanta, bhí an Leapóintis de chuid Thuaisceart na hIodáile, atá níos éagsúla fós, cuimsithe faoin Ghallis.

Infotaula de llenguaAn Ghaillis
Cineálteanga mharbh
Úsáid
Cainteoirí dúchais0
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Ceilteacha
Ceiltis na Mór-Roinne
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach
Cóid
Glottologtran1289
IETFcel-gaulish

Tá an Ghaillis, i gcuideachta leis an Leapóintis agus an Cheiltibéiris a labhraítí i Leithinis na hIbéire, sa ghrúpa geografach, 'Teangacha Ceilteacha na Mór-roinne'.

Tá na gaoil theangeolaíocha eatarthu neamhchinnte, agus na gaoil idir iad féin agus na teangacha Ceilteacha inslithe chomh maith, agus is ábhar díospóireachta leanúnach é mar gheall ar a ndearbhuithe ganna.

Faightear an Ghallais i dtuairim is 800 inscríbhinní, go minic neamhiomlán, lena n-áirítear féilirí, cuntais chriadóireachta, séadchomharthaí tórraimh, tíolacthaí gearra do na déithe, inscríbhinní mona, ráitis úinéireachta, agus téacsanna eile, b'fhéidir táibléid mallachta. Ar dtús, scríobhadh téacsanna Gaillise in aibítir na Gréigise i ndeisceart na Fraince agus i leagan den sean-scríbhneoireacht iodálach i dtuaisceart na hIodáile. Tar éis an concas Rómhánach sna réigiúin sin, aistríodh an scríbhneoireacht chuig leas a bhaint as an aibítir laidineach.[3]

Tháinig Laidin na ndaoine[4][5] in áit na Gallaise agus na dteangacha éagsúla Gearmánacha ón haois AD ar aghaidh.

Aicmiú cuir in eagar

Meastar gur thosaigh an Luath-Cheiltis ag briseadh suas ina teangacha éagsúla linn na Cré-Umha Aoise, lena n-áirítear an Cheiltibéiris agus an Ghallais.[6]

 
An táibléad mallachta ó L'Hospitalet-du-Larzac, Musée de Millau.[7]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Stifter, 2012, lch. 107}}
  2. Eska, 2008a, lch. 166
  3. Eska, 2008a, ll. 167–168
  4. Mohl, Introduction à la chronologie du latin vulgaire (1899)
  5. Wagner, Introduction à la linguistique française, avec supplément bibliographique (1965), lch. 41 for a bibliography.
  6. Forster 2003.
  7. Koch, 2005 lch. 1106