Seanteanga Ind-Eorpach a bhí sa Hitis a bhí á labhairt san Anatóil (i dTuirc an lae inniu) ón 19ú haois RC go dtí an 11ú haois RC. Dealraíonn sé, áfach gur mhair iarsmaí éigin den Hitis i mbéal na ndaoine ina dhiaidh sin ar feadh cúpla céad bliain ar fad. Tháinig deireadh leis an scríbhneoireacht dhingchruthach timpeall na bliana 1100 RC, nuair a d'imigh impireacht na Hiteach de dhroim an tsaoil.

Infotaula de llenguaAn Hitis

EapainmHitigh
Cineálteanga mharbh agus teanga anallód
Úsáid
Dúchasach doImpireacht na Hiteach
StáitImpireacht na Hiteach
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Anatólacha
Tréithe
Córas scríbhneoireachtascript dhingchruthach Hiteach agus script dhingchruthach
Staidéar agHittitology (en) Aistrigh
Leibhéal leochaileachta6 extinct (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-2hit
ISO 639-3hit
Glottologhitt1242
IETFhit

Is í an Hitis an ceann is sine de na teangacha Ind-Eorpacha a d'fhág iarsmaí scríofa ina ndiaidh, agus í chomh seanársa is go síleann cuid de na saineolaithe nach teanga Ind-Eorpach í i gciall chúng an téarma, ach gur chóir téarma nua a cheapadh leis an réamhtheanga ársa a shainaithint as ar fáisceadh an Ind-Eorpais agus an Hitis araon. Is fearr leis an gcuid ba mhó de na teangeolaithe, áfach, an Hitis a aicmiú mar cheann de na teangacha Ind-Eorpacha.

Tagairtí cuir in eagar